Labhair muid le Cormac Breathnach, Bainisteoir Tionscadail, Rannóg na Foclóireachta, Foras na Gaeilge mar gheall ar an bhfoclóir nua a foilsíodh le déanaí, faoi na dúshláin agus an chraic a bhaineann lena leithéid!

Cad atá i gceist le ról an eagarthóra ar a leithéid d'fhoilseachán?

An rud is mó atá i gceist le ról an eagarthóra is dócha ná treoir a thabhairt maidir le hábhar (na focail a bheidh istigh nó nach mbeidh, an gá abairt shamplach?, srl), clúdach (teanga fhoirmeálta, gnáthchaint, téarmaí teicniúla, srl), réim teanga (teanga chaighdeánach, caint na ndaoine, canúintí, srl) agus leagan amach (formáidiú, dathanna, srl) an fhoclóra. Go bunúsach, cad é an t-ábhar is riachtanaí ó thaobh an Bhéarla agus cad é an friotal is oiriúnaí ó thaobh na Gaeilge. Leagtar síos treoir stíle don fhoclóir bunaithe ar na cinntí sin agus is é príomhchúram na foirne eagarthóireachta an treoir stíle sin a chur sa mheá agus iontrálacha á gcur in eagar acu. Is í an fhoireann eagarthóireachta leis a bhíonn freagrach as profáil agus bailchríochnú an ábhair chun a fhoilsithe.  

An bhfuil téarmaí faoi leith a chruthaigh dúshláin dóibh siúd a bhí i mbun oibre ar an bhfoclóir?

Ní téarmaí per se is mó a chruthaigh dúshlán don fhoireann eagarthóireachta ach focail agus frásaí a bhíonn sa ghnáthchaint sa Bhéarla ach nach raibh leaganacha Gaeilge seanbhunaithe ar fáil ina gcomhair. Go minic, ní féidir aistriúchán díreach a dhéanamh toisc nach mbeadh dealramh leis an leagan Gaeilge nó toisc go mbeadh an t-aistriúchán díreach rófhoirmeálta i gcomparáid leis an mbunBhéarla.

Spéisiúil go leor is minic gurb iad na focail bheaga shimplí Bhéarla is mó a éilíonn cúram na n-eagarthóirí. Is iomaí iontráil san fhoclóir (go, get, to, be, come) ar deacair na bríonna difriúla a léiriú go soiléir iontu agus tá roinnt iontrálacha a bhfuil níos mó focal iontu ná a bheadh i miontráchtas ollscoile. Cheapfadh duine go mbeadh na hiontrálacha le haghaidh 'cardiopulmonary resuscitation' nó ‘bovine spongiform encephalopathy’ i bhfad níos casta ná an iontráil le haghaidh ‘get’ ach is a mhalairt ar fad atá fíor!

An dóigh leat gur éirigh leis an bhfoclóir na hathruithe atá tagtha ar theangacha a léiriú?

Tá seasca bliain ann ó foilsíodh an mórfhoclóir deireanach Béarla-Gaeilge, foclóir de Bhaldraithe. Is iomaí athrú atá tagtha ar an nGaeilge agus ar an mBéarla i gcaitheamh na mblianta sin. Ní labhraímid anois mar a labhraíodh ár seantuismitheoirí. An bhunsprioc a leagadh roimh na haistritheoirí agus na heagarthóirí ag tús an tionscadail seo ná friotal a sholáthar a chabhródh le daoine iad féin a chur in iúl i nGaeilge chruinn chomhaimseartha. Úsáideadh corpas mór ina raibh 1.8 billiún focal Béarla chun an taobh Béarla den fhoclóir a scríobh. Iarradh ar na haistritheoirí leaganacha Gaeilge a sholáthar don Bhéarla sin as a seasamh, gan dul i muinín na bhfoinsí nó na bhfoclóirí eile. Cuireadh an cheist "conas a déarfaí é sin?". D’fhág sin gur éirigh linn Gaeilge nádúrtha chomhaimseartha na Gaeltachta a cheapadh sna hiontrálacha. Baineadh leas as na foinsí agus na foclóirí níos déanaí ansin ag céim na heagarthóireachta chun bearnaí follasacha a líonadh.

Could you give us a round up of 3 of your favourite terms translated from English to Irish? 

Is breá liomsa na hiontálacha ina bhfaightear éachtaint ar Bhéarla na hÉireann agus ar nathanna dúchasacha na Gaeilge. A leithéid seo:

· to make a hames of something – praiseach a dhéanamh de rud, cocstí a dhéanamh de rud, prácás a dhéanamh de rud

· to clip somebody’s wings – dealg a chur i sáil duine, an ghaoth a bhaint as seolta duine

· to turn a drama into a crisis – sluasaid a chur faoi chac gé