Labhair na ceoltóirí Méabh Ní Bheaglaoích, a haintín, Eilín Ní Bheaglaoích agus Cárthach Mac Craith le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gciúnas a thit ar chúrsaí ceoil le linn na paindéime.
Fothain cois claí ag an sár-cheoltóir Méabh Ní Bheaglaoich. Beidh sí le clos go binn, beacht ar chlár an lae inniu. @saolodheas @RTERnaG pic.twitter.com/JI9fEE3KlC
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) September 1, 2020
Deir Méabh, ar cheoltóir gairmiúil í go raibh an sos ó na gigeanna go deas ach go bhfuil sí ag súil le filleadh ar an gceol go luath, cé go bhfuil gach rud athraithe maidir le lucht féachana agus turasóirí timpeall Chorca Dhuibhne.
"Tá mo shúile cam ó bheith ag féachaint ar Netflix" a deir Eilín Ní Bheaglaoich. pic.twitter.com/1KRTGZlcrP
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) September 1, 2020
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11.08 agus meánlae