Le clabhsúr an fheachtais bhríomhar #LeChéile a cheiliúradh, tá RTÉ Archives ag tacú le Foras na Gaeilge agus súil siar á caitheamh ar an tsraith teilifíse clúiteach Buntús Cainte.

Ba é an sagart Proinsiasach Colmán Ó hUallacháin a chéadcheap an tsraith teilifíse. Bhí Buntús Cainte dírithe ar ghlantosaitheoirí agus daoine fásta a raibh leanaí acu ag freastal ar scoil agus a bhí ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus a bheith in ann cabhrú le hobair scoile a leanaí. Craoladh an clár ar RTÉ ó 1967 go dtí 1969.

B'iad láithreoirí na sraithe Máire O’Neill, Aileen Geoghegan, Séamus Óg Ó Tuama, Ruth Buchanan, Dónal Cox agus Bernadette Ní Ghallchóir.  Sraith leabhar a bhí in Buntús Cainte freisin. Cuireadh athchló ar an tsraith seo 17 n-uair déag ó céadfoilsídh í sa bhliain 1967 agus tá an-éileamh ar na leabhair go fóill ón bhfoilsitheoir, An Gúm. Chuir Gael Linn amach ceirnín agus téipeanna chun dul leis an tsraith chomh maith.

Bhí sé mar aidhm ag an bhfeachtais #LeChéile cúnamh a thabhairt do gach aoisghrúpa an Ghaeilge a úsáid sa bhaile agus ábhar siamsúil agus oideachasúil a chur ar fáil dóibh le linn na paindéime. Ó cuireadh tús leis an bhfeachtas tá ríméad ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil 17.7M imprisean faighte ag an haischlib #LeChéile go dtí seo.