Gach seachtain, tugann Muireann Nic Amhlaoibh réamhbhlaiseadh dá clár ceoil, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. An tseachtain seo, tá Muireann ag díriú ar an ngiotár ó thíortha éagsúla.

Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh ceol giotáir ó thíortha difriúla á sheimint agam.

Seo an seinnteoir giotár Gitkin.  5 Star Motel is ainm don albam nua aige agus tá scéal ana shuimiúil fén albam seo. Is as Texas do Ghitkin, ba dhíoltóir giotar é agus chaith sé na blianta ag taisteal ar fuaid Meirceá ag díol giotáir góchumtha nó "counterfeit" Gibson".

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Le linn na turais sin do bhuail sé le imircigh nua go Mheirceá ó thíortha ar nós an Aetóip, Meicsiceo, an Indinéis. Chuaigh an ceol giotáir a sheineadar go mór i bhfeidhm air agus is as san a tháínig an ceol a chum sé don albam seo.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Seo an ceoltóir Samba Touré ó Mhali na hAfraice leis an amhrán Albala. Tugann sé gormacha a fhásaigh ar an ceol a sheinnean sé ar an giotár leictreach. Do mhúin an ceoltóir mór le rá Ali Farka Touré é agus canann sé amhráin poiliticiúla – thaiteann an ceann seo go mór liom mar go bhfuil sé i dtrí theanga na tíre Songhai, Peul and Bambara agus san amhrán seo tá sé ag impí ar mhuintir Mhali teacht le chéile agus canadh agus rince i bhfocair a chéile. Seo an t-amhrán Be Ki Don.

Beidh cúpla rian ón nGréig agam, tá ana shuim go deo agam in gceol na Gréige ó thugas cuairt ceolmhar ann anuraidh agus is fada liom go mbeidh deis agam filleadh arís. Seo an t-amhránaí Ioulia Karapataki i dteannta na ceoltóirí Dimitris Lappas agus Socrates Malamas.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Anuas ar sin beidh ceol ó Éirnn, Albain, Ceanada, An Iorua, agus ceol claiseacach agus nua-chumtha. Tá súil agam gur féidir libh a bheith liom le haghaidh aistear ceoil. Malairt Poirt le Muireann RTÉ Raidió na Gaeltachta, Oíche Shathairn óna 7-9pm.