Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh turas ollmhór ceoil á thabhairt againn ar fuaid na cruinne. Beidh ceol ón Spáin, Mali, Senegal, ón gcultúr Cajun agus Creole, ón Ungáir agus ón mBulgáir. Agus mar is dual dúinn beidh ceol ónar dtír fhéin againn fite fuaite eatarthu.
Seo rian úr tráthúil "Waiting for the Numbers" ón gceoltóir traidisiúnta agus claisiceach atá lonnaithe i Lios Póil anso i gCorca Dhuibhne, Niamh Varian-Barry. Is as Corcaigh ó dhúchas do Niamh ach tá sí féin is a clann anso le tamall de bhlianta agus cuireann siad go mór leis an bpobal ceoil anso. Seinnean Niamh an veidhlín agus an viola agus is amhránaí í chomh maith agus seo rian a chum sí dos na Butterfly Sessions, sraith nua ceoil ó reachtaíl ag Music Network le linn na géarchéime. Chum sí an phíosa seo do thrí viola – Niamh a sheineann iad ar fad ag úsáid special effects dochreidte!
Beidh amhránaíocht Flamenco againn ó Silvia Perez Cruz. Tógadh i Barcelona i gclann ceolmhar í, is ceoltóirí agus amhránaithe traidiúnta túismitheoirí chomh maith agus tá staidéar déanta aici ar amhránaíocht Flamenco, amhránaíocht claiseacach agus snagcheoil. Tá ainm in airde ar Silvia sa Spáinn agus mórán Gradam faighte aici agus albaim órga eisithe aici, seo ceann des na rianta is anso liom uaithi – Vestida De Nit óna halbam Vesita de Nit a tháínig amach i 2017 – seo leagan beo.
Beidh ceol Cajun agus Creole agam ó Louisiana, Meirceá – is áit ar leith Louisiana cloisfidh tú ceol ina bhfuil tioncar na hÉireann agus na hAlban aige maraon le ceol na Fraince agus na hAifrice. Seo blaiseadh den gceol Cajun le The Balfas Brothers – cúigear deartháir agus an t-amhrán Parlez-nous Á Boire – Labhair linn fé Ól – óna gceád albam acu a tháínig amach i 1967 – is breá liom an slí a chanann siad.
Beidh ceol Cajun agus Creole agam ó Louisiana, Meirceá – is áit ar leith Louisiana cloisfidh tú ceol ina bhfuil tioncar na hÉireann agus na hALban aige maroan le ceol na Fraince agus na hAifrice. Seo blaise den gceol Cajun le The Balfas Brothers – cúigear deirthear agus an t-amhrán Parlez-nous Á Boire – Labhair linn fé Ól – óna gceád albam acu a tháínig amach i 1967 – is breá liom an slí a channan siad.
É sin agus morán eile – Malairt Poirt le Muireann óna 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.