Ar Malairt Poirt na seachtaine seo – beidh mé fé thionchar na haimsire bhreá agus tabharfaimid turas chun na hAstúríse agus na Gailíse chun ceol ar gcolceatharacha Ceilteacha a chlos.
Seo Llan de Cubel, táid aitheanta mar cheann de mhór ghrúpaí an réigiúin agus bunaíodh i 1984 iad, deirtear go raibh ana bhaint acu le athbheochaint ceol agus cultúr na háite. Seinneann siad uirlisí traidisiúinta ar nós na gaita – sin píobaí na háite, veidhlín agus feadóg mhór agus cannan siad sa teaga Astúríse. Seo iad le La Rexa la Mar – amhrán fén bhfarraige.
Beidh ceol na hÉireann agus mar is gnáth, ina measc cúpla píosa a chum an cláirseoir cáiiúl Turlogh Ó Ceabhalláin, a mhair ó 1670-1738. Duine des na cumadóirí is cáiilíula a bhí againn, a bhí go mór fé thionchair an cheoil claiscigh ach a chur a bhlas fhéin air. Seo Sí Bheag Sí Mhór, deirtear gurb é seo a chéad phort a chum sé, agus é mar gheall ar dhá láthair págánach i gConate Liatroma. Seo leagan breá dó ón ngrúpa Planxty leis an máistir Liam Ó Floinn ar na píopaí Uilleann.
Anuas ar sin beidh cúpla suantraí agam agus seo ceann óm' chara Julie Fowlis ón Albain. Bhí deis againn canadh le chéile i rith na seachtaine. Gan dabht ní rabhamar in aon tseaomra amháin nuair a chanamar agus do chuir TG4 le chéíle na míreanna don tsraith Meitheal na mBan ar son Women’s Aid do mhná nach bhfuil slán ina dtigh fhéínig na laethanta seo. Ach cé ná rabhamar in áín bheith i bhocair a chéíle, bhaineas ana thaitneamh as ceol a dhéanamh léi arís. Tá an tsraith ar fad le feiscint ar cainéil YouTube TG4 – is fiú faire air agus cabhrú le Women’s Aid más féidir.
Is amhránaí speisialta í Julie, agus táim chun rian uathi a sheimint daoibh anois. Seo an suantraí Cadal Ciarach Mo Luran ón albam Gach Sceul a tháínig amach i 2014
É sin agus mórán eile ar Malairt Poirt le Muireann, oíche Shathairn óna 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.