Gach seachtain, tugann Muireann Nic Amhlaoibh spléachadh dúinn ar a clár, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar a léiríonn sí thíos, ní bhíonn aon chlár mar an gcéanna!
Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh singil úr á sheimint agam a tháínig chugham le linn na seachtaine ó Ghráinne Brady, veidhleadóir agus cumadóir as contae an Cabháin, atá lonnaithe i nGlaschú. "In the Lane" is ainm don rian agus eo a chéad singil óna tarna halbam "Newcomer" spreagtha ag saothar an scríbhneora Éireannaigh Patrick MacGill – go háirithe a dhara úrscéal 'The Rat-Pit'.
Leanann an scéal bean óg as Dún na nGall, Norah Ryan a bhí beo bocht, i mbaol dúshaothrú gnéasach agus go raibh saol ana chruaidh aici, nuair a chuaigh sí ar imirce go hAlbain mar dhéagóir. Léirithe ag Mike Vass, tá raidhse ceoltóirí cáiliúla Albanacha ar an albam i dteannta Ghráinne, tá Andrew Waite (bosca ceoil), Michael Biggins (pianó), Steve Forman (cnaguirlisí), Innes White (giotár), Christine MacGinley (adharc na Fraince), Seonaid Aitken (veidhlín), Sarah Leonard ( viola) agus Su-a Lee (dordveidhil). Tá an singil le fáil anois ar Bandcamp anseo
Beidh ceann des na grúpaí is fearr liom ón Íoslann á sheimint agam – Sigur Ros - nach bhfuil seinnte agam ón gcéad sraith sin Sigur Ros - Is banna iar-rac-cheol Íoslainnis iad ó Reykjavík, atá gníomhach ó 1994.Tá cáíl orthu de bharr a bhfuaim taibhsiúil, guth falsetto an amhranaó tosaigh Jónsi, agus an úsáid a bhaintear as giotár bogha, cuimsíonn ceol an bhanna eilimintí aeistéitiúla clasaiceacha agus íosta nó "miminalist".
Beidh rian agam ó albam nua an ghrúpa fuinniúl Beoga – si iad Niamh Dunne, Seán Óg Graham, Éamonn Murray, Damine McKee agus Liam Bradley. Táid le chéile ó 2002 agus táid ag dul ó neart go neart, le déanaí a bhí ar an mbóthar le Ed Sheeran go rabhadar ag seimint leis ar cúpla ceann dá amhráin. Táid thar n-ais anois lena nalbam úr fhéin, Carousel is ainm dó, tá sé lán d'amhráin le aoieanna speisialta ar nór leithéidí Lizzie agus Foy Vance
É sin ar fad agus mórán nach é. Bí liom Oíche Shathairn óna 7-9pm do Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidio na Gaeltachta.