Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh cúpla piosa ceoil agam atá nua-thaifeadta agus na ceoltóirí ag neadú. Ní haon joke é a bheith ag obair ó bhaile mar cheoltóir agus tá ard-mholadh tuillte ag na ceoltóirí ar fad atá ag taifead agus ag eisiú ceoil le linn an ama deacair seo.

Seo píosa álainn a chonac i rith na seachtaine a d'ardaigh mo chroí. Amhránaíocht chumhachtach ó Chór Fear na nDéise – is maith iad –dheineadar físeán álainn a chureadar ar líne de amhrán mór na nDéise "Eadrainn Araon"– tá sé seo go hálainn ar fad. I measc na n-amhránaithe tá Ciarán Ó Ghealbháin le Cárthach MacCraith agus na deartháireacha Aodán agus Irial Ó Ceallaigh.

Albam nua a tháinig chugham le linn na seachtaine chomh maith ná "Shine ó bhean Luimní, Caroline Keane. Seinnteoir ar an gconcertín í Caroline atá curtha fúithí i gCorca Dhuibhne le blianta beaga anuas i dteannta a fiancé, an píobaire Tom Delaney, agus d'eisiódar albam le chéíle anuraidh a bhí ar an gclár agam Never Say Goodbye, Say Good Luck agus tá a bheirt acu mar bhaill den ngrúpa The Four Winds atá tar éís taisteal ar fuaid an domhain, ach tá Caroline tar éis ana úsaid a bhaint as an am ag neadú agus albam aonarach álainn a eisiú. Seo blaiseadh de Caroline ag seimint.

Beidh cúpla rian á sheimint agam ós na títhe Lochlannnacha, tá ana dhúil ar fad agam sa cheol ós na tírthe úd – bíonn cosúlachtaí ann lenár gceol féin ach le cúpla corr difriúil a dhéineann suimiúl dom é. Ceann des na grúpaí amhránaíochta is ansa liom ón seánra ná Kraja ón tSualainn, ceathrar ban a chanann amhráin traidisiúnta le armóin aoibhinn. Táid ag canadh le chéíle le seacht mbliana deag agus tá sé sin soléir nuair a chloiseann tú na guthanna seo le chéile – meascann siad chomh maith le chéíle. Seo an t-amhrán Nu Ar Det Synd Om De Doda  - a chiallaíonn Is Trua anois na Mairbh - ón albam Brusand Hav – deir sé Bíodh trua agat dos na mairbh nach féidir leo suí fé theas na gréine sa Earrach, ach b'fhéídir go mbíonn siad an cogairníl sa cheol, focail nach dtuigimidne atá beo.

É sin agus mórán eile ar Malairt Poirt le Muireann, oíche Shathairn óna 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bígí liom.