Anocht ag 9.30 ar TG4, i gclár nua faisnéise léirithe ag Aniar TV do TG4, fiosraionn Ciara Ní É saol na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. 

Ba ait agus ba mhí-chompordach riamh an gaol a bhí ag cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht leis an Stát. Chuir bunú na nGaelscoileanna sna 1970í tús le réabhlóid i gcathracha agus i mbailte na tíre agus tugadh áit don Ghaeilge i ngnáthshaol sna mbailte sin.

Sa chlár seo díreoidh an file Ciara Ní É ar an nGael uirbeach agus ar dhíograis na pobal taobh amuigh den Ghaeltacht, pobal atá tar éis borradh gan choinne a chur faoin teanga, borradh a tháinig ón talamh aníos ar bheagán tacaíochta ón stát.

Leanann an clár seo an t-sraith Gaeltacht 2020 a rinne scagadh ar an nGaeltacht mar atá sí i 2020.  I meas na ndaoine a bheidh faoi agallamh ag Ciara, tá Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha, bunaitheoirí an Pop-Up Gaeltacht.  Buaileann sí le pobal na Gaeltachta i mBéal Feirste, Padaí Ó Tiarnaigh An Dream Dearg, Colm O'Rourke Múinteoir agus anailísí ar The Sunday Game, An tOllamh Pádraig Ó Duibhir ó Gaelscoileanna, Séamus Barra, File.

Saol Trí Ghaeilge, anocht, ag 9.30 ar TG4