An tseachtain seo ar Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh ceol nua ó Chaitlín Nic Gabhann bunaithe ar an tréimhse seo chomh maith le ceol ó Ennio Morricone.

Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh ceol úr agam ó Chaitlín Nic Gabhann atá tar éis píosa ceoil nua a chuma mar chuid de thogra ar a dtugtar The Butterfly Sessions a reachtaigh Music Network chun coimisiúniú a dhéanamh ar cheol nua ó chumadóirí na hÉireann – maraon le Caitlín, tá ceol nua á chumadh ag ceithre cheoltóir is fiche ina measc Gerry O'Beirne, John Doyle, Laoise Kelly, Ger Wolfe, Niamh Varian-Barry agus Peadar Ó Riada. Gach eolas ar musicnetwork.ie

Seo an píosa álainn a chum Caitlín, agus tá a fear céile Ciarán Ó Maonaigh le clos anso chomh maith. Seo An Ciúnas.

Beidh ómós á thabairt agam don seinnteoir giotár Briontáineach Jaques Pellen a bhfuair bás an tseachtaine seo caite de bharr an Víreas Corónach. Cumadóir, cóiritheoir, ealaíontóir agus pearsa ar leith ab ea é – bhí deis agam seimint leis cúpla babhta agus thaitin sé go mór liom agus bhí ana chuid de cheoltóirí na hÉireann ana-cheanúil air.

Bhí Jaques aitheanta mar sár cheoltóir snagcheoil agus bhí sé go mór chun cinn nuair a deineadh athbheochaint ar cheol tradisiúnta na Briontáíne ins na seachtoidí- sheinn sé le leithéídi Dar ar Braz, Soig Siberil, Dónal Lunny agus Jean Michel-Veillon – mo chomhbhrón lena chlann is a chairde.

Beidh cúpla fuaimrian á sheimint agam ar an gclár chomh maith, ina measc Ennio Morricone ón Iodáil atá tar éis ós cionn 400 fuaimrianta a chuma – ina measc ceol Do The Mission agus The Good, The Bad And The Ugly. Beidh rian ón scannán aoibhinn Cinema Paradiso a tháinig amach i 1988 agam daoibh– seo blaiseadh den gceol ón scannán.

É sin agus mórán eile ar Malairt Poirt le Muireann dé Sathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón 7-9pm.