Scríobhann Muireann Nic Amhlaoibh faoi cheoltóirí na hÉireann atá dóchasach, cruthaitheach agus ag comhoibriú lena chéile le linn na tréimhse dhúshlánach seo.
Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh ceol nua dóchasach á sheimint agam ó cheoltóirí Éireannacha atá ag neadú i measc rogha ó i bhfad i gcéin.
Tá an t-amhránaí Éilís Ní Chinnéide tar éis a bheith ana chruthathach lena cuid ama ag neadú aige baile agus tá albam aonarach álainn taifeadta aici. Gan Tionlacan mar a thugann sí air – é lán d'amhráin aoibhne a bhí ag Éilís agus a clann agus í ag fás aníos. Tá’s agam go bhfuil albam nua eile ag Éilís atá ar tí teacht amach agus go raibh sí le seoladh ag Féile na Bealtaine roimis é a bheith curtha ar ceal agus mo sheasamh uirthi as an dearcadh deimhneach, dóchasach atá aici fén dtréimhse seo, agus as na hamhráin aoibhne seo a chur fénár mbráid. Seo nasc chuig an albaim ar Bandcamp.
Cinnte, is dóchasach le feiscint go bhfuil daoine fós ag cruthú ceoil le linn na géarchéime seo. Tá sé chomh nádúrtha le hanálú do dhaoine áirithe agus tá Caoimhín Ó Raghallaigh tar éis a rá nach bhfuil aon rud chun stop a chuir lena chuid cumadóireachta agus ceoil. D'eisigh sé singil nua le linn na seachtaine i dteannta an veidhleadóir Meirceánach Dan Trueman. Seo I Feel It In My Bones.
Seo píosa ollmhór a d'ardaigh mo chroí a chum is a chóirigh an seinnteoir giotar Cormac Crummey ó Bhéal Feirste i dteannta slua mílteach ceoltóirí agus rinceoirí. Thaifead gach duine acu ón mbaile agus do chuir Cormac le chéíle é go digiteach. Isolation Vol. 1 is ainm don bpíosa seo – agus i measc na gceoltóirí tá Benedit Morris, Emma Maguire, Eadaoin Ní Mhaicín, Mohsem Amini, Cein Daly, Ryan Murphy agus mórán mórán eile nach iad. Féach ar an bhfíseán iontach seo, is breá liom é!
Craoltar Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Shathairn ón 7 go dtí'na 9.