skip to main content

Gaelscolaíocht, Cúla4 ar Scoil ag tosú ar TG4 Dé Luain!

Óna 10 maidin Luain, beidh Cúla4 ar Scoil ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh oideachas a fháil trí Ghaeilge. Labhair muid le léiritheoir an chláir, Darach Ó Tuairisc ón gcomhlacht teilifíse, Fíbin, faoina bhfuil i gceist agus an deis atá ann a bheith cruthaitheach.

Is clár leathuaire é seo a bheidh á chraoladh ó 10.00 a.m. go 10.30 a.m ó Scoil na bhForbacha i nGaeltacht Chonamara. Is iad Caitríona Ní Chualáin agus Fiachra Ó Dubhghaill na múinteoirí a bheidh i mbun na ranganna, agus beidh ceachtanna breise ó mhúinteoirí agus áisitheoirí eile ar fud na tíre, le réimse canúintí.

Cuirfidh an clár béim ar théama ar leith gach seachtain agus beidh ceachtanna agus formáid bhríomhar spreagúil sa chur chuige, a bheidh ag teacht le spriocanna agus torthaí foghlamtha an churaclaim na bunscoile.  Clúdófar croí-ábhair an churaclaim ar nós: Gaeilge, Matamatic, Stair agus Tíreolaíocht, ach cuirfear béim freisin ar an gcruthaitheacht, na healaíona béil agus ar chúrsaí sláinte agus folláine. 

Deir Darach, léiritheoir an chláir gur clár é seo a thugann deis dóibh siúd atá ag obair air a bheith cruthaitheach, agus triail a bhaint as rudaí nua, nach ndearnadh go dtí seo ar theilifís líneach. 

Múinteoir Caitríona sa Seomra Ranga

Anuas ar obair sa seomra ranga leis an mbeirt mhúinteoirí, Caitríona agus Fiachra, beidh ceachtanna ceoil, cócaireachta agus déantúsaíochta uathu siúd atá ag plé lena leithéid. Beidh go leor comhoibriú i gceist leis an gclár le Músaem Náisúnta na hÉireann chomh maith le comhlachtaí teilifíse eile le dúlra na tíre seo a chur ar fáil do pháistí atá sa bhaile.

Cé go mbeadh sé níos fusa ar Cúla4 Ar Scoil a bheith ag brath ar mhuintir Chonamara don ábhar agus iad ar leac an dorais, deir Darach go bhfuil sé 'thar a bheith' tábachtach go mbeadh réimse canúintí le cloisteáil ar an gclár.

Cuirfear fáilte roimh rannpháirtíocht na bpáistí sa bhaile le linn an chláir Cúla4 ar Scoil; agus is féidir pictiúir nó físeáin a sheoladh isteach chuig an gclár. Beidh an t-ábhar ar fáil freisin ar líne ar cula4.com agus ar youtube Cúla4.

Beidh sceideal breise á chraoladh ag TG4 roimh agus i ndiaidh Cúla4 ar Scoil ó 9:30 a.m. go 11 a.m. gach lá, mar a mbeidh cláir eile a bhfuil téamaí oideachasúla ag baint leo, macasamhail 'Bia Linn', ‘Ár Scéal’, ‘Am Foghlama le Timmy’, ‘Is Eolaí Mé’ agus ‘WAC’.

Tosaíonn Cúla4 ar Scoil maidin Luain ar TG4 ar 10, bígí in am!!