skip to main content

Conas atá ag éirí le hóige na Gaeltachta?

Labhair Edel Ní Loibhéad le páistí i gCorca Dhuibhne maidir le bheith teanntaithe sa bhaile, na buntáistí agus na buntáistí a bhaineann leis an tréimhse ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ba iad Ruairí Ó hUanacháin, JJ Ó Murchú, Tomás agus Dónal Ó Laighin, Róisín, Eímhín agus Seán Dalby, Méidhbhín, Sonaí agus Dara Mac a tSíthigh, agus Siún Ní Fhlatharta a roinnt a gcuid tuairimí le hEdel faoin saol nua atá acu, ag cabhrú sa bhaile, gan a bheith ag freastal ar an scoil agus na daoine a bhfuil siad imníoch futhu.

Deir Eimhín go raibh sí 'saghas trína chéile' go bhfuil sí anois sa bhaile agus go raibh sí ag súil lena gúna a chaitheamh ag a coimhneartú ach nach dtarlóidh sin anois, de dheasca an víris.

Edel Ní Loibhéad 

Deir na páistí go bhfuil siad ag dul i dtaithí ar fanacht amach ó dhaoine eile, fanacht sa bhaile ach go mbraitheann siad uathu Mamó agus Daideo mar nach bhfuil cead dul ar cuairt chucu faoi láthair agus go bhfuil siad uaigneach gan a gcuid cairde.

Tá am anois ag na leanaí caid a imirt lena dtuismitheoirí, roinnt bacála a dhéanamh agus go bhfuil am acu 'rudaí eile a dhéanamh', ar nós a bheith imirt nó ag fanacht sa leaba!

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00