Ar Malairt Poirt na seachtaine seo, beidh ceol agam do shuaimhneas aigne agus ardú croí fad is atáimid ag neadú is ag streachailt tríd laethanta dúshlánacha.
Beidh amhrán agam ó cheann des na guthanna is binne ar m'eolas. Sin í Karan Matheson leis an ngrúpa Capercaille ón Alban agus seo an t-amhrán Breisleach a thagann ón albam fén dteideal céanna a tháinig amach i 1996, ciallaíon Breisleach "ramhaille" nó as Béarla "delirium" agus is amhrán é seo fén suath a thagann leis an ngrá – chum Aonghus Mac Neacail Oileán Scítheanach na focail agus Donald Shaw an fonn. Thaiteann na focai seo go mór liom:
Chlaon mi tràth a-raoir dhan leabaidh
Thusa ruagadh as le suain,
Ach cha tug thu cead dhormh cadal
Gus an dèanainn duan.
A chiallaíonn:
Cuas an leabaigh aréir
a d’iarraidh an ruaigh a chuir ort le mo shuain,
ach níor ligis dom dul a choladh
go dtí gur chumas an dán seo duit.
Cloisimid stíl amhránaíochta ón dtraidisiún Sammii – daoine ar leith a mhaireann i dtuaisceart na Fionnlainne, na Sualainne, an Iorua agus na Rúise. Tá a dteanga agus a gcultúr féin acu. Fadó tugadh "Lapland" ar an réigiún ach ní úsáidtear an téarma sin a thuilleadh. Tá stíl álainn, ana neamh-ghnáthach amhránaíochta acu – sí seo Marja Mortennson a chanann sa stíl tradisiúnta Saami.
Beidh píosa agam ón seinnteoir mandlailín Meiceánach Chris Thile ón dtraidisiún bluegrass. Ceoltóir dochreidte is ea é, gur féidir leis aon seanra a sheimint ar an uirlis. Tá an físeán seo fé ana shuimiúil.
É sin is morán éile. Bí liom do Malairt Poirt le Muireann an Satharn beag seo óna 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.