Ar an gCúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, labhair Tristan Rosenstock le ceoltóirí i gcéin agus i gcóngair faoi thionchar an Choróinivíris, agus conas mar atá siad ag dul i ngleic leis, i measc a aíonna; Enda Reilly, Inni-K agus Emma O'Reilly.
Ba i Michigan, sna Stáit Aontaithe a bhí Enda agus é ag caint le Tristan faoina shaol i Meiriceá agus tionchar Mheiriceá ar a chuid ceoil. Mhínigh Enda nach amhrán é 'Áilleacht sa chruthú' a scríobh sé maidir leis an víreas ach go bhfuil 'léamh nua' ar an-chuid amhrán.
Labhair Emma faoin nasc speisialta atá ag ceoltóirí ag dul amach agus gigs a sheinnt ach go bhfuil sí buíoch go bhfuil taithí aici ar leithéidí Facebook Live agus mar sin de. Tá Emma ag iarraidh tacú le healaíontóirí eile atá 'ag cruthú' ach ar an ngannchuid, i láthair na huaire.
Labhair Inni-K faoi nós nua seo atá ag ealaíontóirí agus gig a dhéanamh ar líne agus go bhfuil rud deas faoin gceangail atá ann ar líne agus an tsaoirse a bhaineann le bheith 'ar líne'. Ag caint ar an mbrú a bhaineann le bheith ag cruthú ar dtalamh na laethanta seo, deir sí gur gá a bheith cúramach faoina bhfuil muid ag súil leis ó dhaoine cruthaitheacha.
We need your consent to load this Facebook contentWe use Facebook to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Shathairn ag 10.30.