Le linn tréimhse seo na géarchéime COVID-19, beidh dúshlán na seachtaine ag RTÉ Raidió na Gaeltachta gach seachtain do dhaoine óga ar fud na tíre.
An tseachtain seo chugainn, beidh an comórtas Amhráinín i Nóiméidín acu, agus trí dhuais €100 do chomhlachtaí Gaeltachta le baint.
Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh ach amhrán a chumadh, nach bhfuil níos faide na nóiméad ar fhad, é a thaifead ar chomhad fuaime nó físeán, agus é a chur isteach chuig comortas@rte.ie faoi 5 pm Déardaoin 9 Aibreán.
Beidh na hiarratais le cloisteáil ar thrí phríomhchlár irise an stáisiúin – Iris Aniar, Barrscéalta agus An Saol ó Dheas – i rith na seachtaine, agus le feiceáil ar na meáin shóisialta freisin.
Piocfar trí bhuaiteoir, a fhógrófar Dé hAoine 10 Aibreán, agus beidh dearbhán €100 do chomhlacht Gaeltachta ag dul chucu triúr.

Cé go bhfuil an saol dúshlánach na laethanta seo, spreag sé neart cruthaitheachta i measc mhuintir na tíre, agus ba bhreá le RTÉ Raidió na Gaeltachta cuid den chruthaitheacht sin a chur os comhar a lucht éisteachta.
Is comórtas é seo do dhaoine óga 18 bliana nó faoina bhun, nó dá dteaghlaigh, seachas ceann do dhaoine fásta.Níl cead liricí Béarla, agus is féidir le ceol bheith istigh tríd, nó is féidir cineál mashup Gaelach a dhéanamh – bígí cruthaitheach!
Ba cheart an taifead a dhéanamh ar an bhfón póca nó ar tháibléad, ach ní féidir leis a bheith níos faide ná 60 soicind.
Caithfear iarratais don chomórtas Amhráinín i Nóiméidín a bheith istigh faoi 5 pm Déardaoin 9 Aibreán chuig comortas@rte.ie.
Má tá comhad mór i gceist, is féidir é a chur ar wetransfer chuig an seoladh sin. Tá fáilte roimh fhíseáin, ach tabhair faoi dearadh go mbeidh cuid de na físeáin á scaipeadh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na meáin shóisialta.
Bí cinnte ainm agus sonraí teagmhála a chur sa teachtaireacht ríomhphoist.
Tá breis eolais le fáil ag www.rte.ie/rnag