skip to main content

Malairt Poirt le Muireann: Ómós do Bhen Lennon agus eile

Scríobhann an láithreoir agus ceoltóir, Muireann Nic Amhlaoibh faoina clár ceoil, Malairt Poirt atá ag teacht óna teach i gCorca Dhuibhne oíche Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 7.

Beidh Malairt Poirt ag teacht chughaibh arís an Satharn seo óm' thigh ar an Máimín I gCorca Dhuibhne – diaidh ar ndiadh táim ag dul I dtaithí ar an dteiceolaíocht nua agus tá súil agam go mbainfidh sibh sásamh as an gceol a roghnaíos daoibh an tseachtain seo.

Tá laoch ar lár an tseachtain seo, sin a veidhleadóir cliútach as Contae Liatroma Ben Lennon – fear uasal, cneasta, lách, agus ceoltóir cumasach, léannta . D’imigh sé I bhfeidhm ar mhórán daoine, ní amháin de bharr a chuid ceoil ach an dearcadh flathúil a bhí aige don nglúin óg agus foghlaimeoirí an cheoil. Suaimhneas síoraí dó, táím ag cuimhneamh ar a chlann is a chairde agus mo chomhbhrón leo le linn an ama deacair seo. Seo píosa álainn do Bhen ag seimint lena chlann.  Beannacht Dé leis.

Beidh cúpla rian ón Spáinn agam ar an gclár seo. Mar shampla, sí seo Rosalia, amhránaí flamenco go bhfuil cáil domhanda ag teacht uirthi anois. Bíonn tioncair hip-hop agus pop ina cóiriú maraon le giotár traidisiúnta. 

Beidh rian aoibhinn agam ón albam A Note Let Go, comhoibriú idir an grúpa Ulaid agus an t-amhránaí as Bhéal Feirste Duke Special. Is breá liom an t-amhrán seo – Lon Dubh Loch Lao, píosa dátheangach le focail ó dhán ón 9ú aois maraon le aistriú Béarla ag an scríbhneoir Ciarán Carson.

É sin agus morán eile, chun suaimhneas aigne a thabhairt daoibh, tar ar aistear ceoil liom 7-9pm De Sathairn beag seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.