skip to main content

Leigheas an cheoil: Malairt Poirt le Muireann

Scríobhann Muireann Nic Amhlaoibh faoi leigheas an cheoil agus í ag tabhairt blaiseadh dúinn óna clár, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, anocht óna 7.

Beidh Malairt Poirt na seachtaine seo ag teacht chughaibh óm' thigh, fé mar atá ana chuid de cláranna raidió na laethanta seo. Chaitheas an tseachtain ag cuardach ceoil a chuireadh suaimhneas ar dhaoine – maraon le cúpla píosa gealgáireacha- tá súil agam go gcabhróidh sé píosa libh go léir. Cinnte, tá leigheas sa cheol.

Seo singil ón gcumadóir agus ceoltóir Astrálach Luke Howard agus na hamhránaithe Shards –Light Ascending.

Seo Kevin Meehan, ceoltóir óg as Bleá Cliath. Is seinnteoir feadóige é agus tá albam nua díreach eisithe aige ar a bhfuil ana chuid dá chuid cumadóireachta fhéin air agus tá áthas agus fuinneamh an óige le clos ina chuid ceoil, Spanish Point is ainm don albam agus don rian seo.

Beidh rian agam ó Thomas Johnston as Contae Muineacháin ón albam agus seó atá aige do leanaí The Quiet Tree and The Creautures of Whistle Berry Forest agus tá tuismitheoirí na tíre fé chomaoin ag Thomas mar go raibh sé ag craoladh beo gach lá an tseachtain seo chaite do leanaí beaga a bhí gafa aige baile agus chabhraigh sé go mór beagáinín áthais a chruthú dóibh – is féídir nios mó eolais a fháil ar líne – téann sé fén dteideal Ceol Connected. Míle buíochas Thomas!

Iad seo agus mórán eile ar Malairt Poirt le Muireann an Satharn beag seo ón 7-9pm ar RTÉ Raidio na Gaeltachta.