Scríobhann Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge le RTÉ faoi cheannaireacht, mhisneach agus faoin dóchas a spreag litreacha scoile an tseachtain seo.
In am seo an ghátair ba cheart go dtabharfadh na teachtaireachtaí atá léirithe sna litreacha seo ó Scoil Bhríde i Raghnallach, Baile Atha Cliath 6 agus Scoil Naomh Eirc i mBaile an Mhóraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne dóchas, misneach, tuiscint agus cur chuige ar an athléimneacht atá go smior ionainn mar phobal. Tugann siad léargas dúinn ar na féidearthachtaí iontacha atá amuigh ansan dár leanaí breis foghlamtha a dhéanamh taobh amuigh den gcuraclam scoile. Cinnte tá sé deacair ar leanaí óga na tíre faoi láthair tuiscint a bhaint as a bhfuil ag tarlú timpeall orthu, dul i ngleic leis na hathruithe atá i bhfeidhm, ach mar a deir Áine, príomhoide Scoil Naomh Eirc ina litir thíos, más féidir leis na leanaí teacht tríd seo gan aon bhuairt ná imní beidh maith déanta.
Agus mé ag caint le mo dheirfiúr ar maidin, d'eachtraigh mé di go raibh litir álainn faighte againn ó Scoil Bhríde, thug sí le fios go raibh amhlaidh faighte aici siúd óna scoil féin.Tá ceangal ar leith idir an dá scoil seo,D'fhreastal na glúinte dar gclann ar Scoil Naomh Eirc, agus ba é Caoimhín Ó Cinnéide, athair Leila Máisitir na scoile sin uair. Do mhúin a máthair, Edna ann chomh maith agus gan dabht d'fhreastal sí féin agus a clann ar an scoil le linn a hóige.
Scoil tuaithe Gaeltachta agus Gaelscoil Catharach, ar dhá thaobh den dtír ag seoladh teachtaireacht amháin.

Tugaimis aghaidh ar na rudaí tábhachta sa saol, aire a thabhairt dá chéile, faire amach do na comharsan, aire a thabhairt dár meabhair sláinte agus thar aon ní eile, le dóchas inár gcróithe, nuair a thiocfaimid i dtír ar an dtaobh eile de seo, sásamh a bhaint in athuair as comhluadar cairde agus gaolta. Idir an dá linn, treabhfaimid ar aghaidh agus le cúnamh uainn go léir ag comhoibriú as lámha a chéile beimid in ann lámh a chrochadh le chéile, póg agus lombharróga a thabhairt dá chéile arís sara fada.
Táimid buíoch as an cead athfhoilsithe.
Litir múinteoir Lelia Ní Chinnéide, Scoil Bhríde
A Chairde, a thuismitheoirí dhil,
Ta súil agam go bhfuil gach duine ag coinneáil go maith agus nach bhfuil na néaróga scriosta leis na páistí age baile libh ó mhaidean go hoíche! Ní raibh mé in ann tabhairt faoi an nóta seo a scríobh an tseachtain seo caite mar bhí gach lá níos measa ná a chéile.
I hope you are keeping well and that everyone is holding up ok under these unprecedented circumstances. Apologies for not writing this note last week but I think we were all overwhelmed by the daily news coming our way. I am very conscious that everyone's home situation is different and the one thing I do not want to do is add to your pressure with a rigid timetable of school work. The daily news is so stark that it is incredibly difficult to focus on school subjects and covering the curriculum.
You know your own child better than anyone else and some need a structure/focus to be secure and achieve their potential. Some, on the other hand may thrive on having the choice to investigate and learn at their own pace on topics of their own choosing. And others still will just want to read, read and knit! Whatever needs they have at the moment its ok!The only thing I ask is that the children keep a daily journal/diary/ scrapbook/ comic book/ digital blog/ photo journal as they report on their experiences .. the little things.. the big thing.. the difficult things.. the funny things.
I will send you some of the many wonderful websites available free of charge. Contrary to the notion that teachers are having a holiday at the moment… we are absolutely overwhelmed by the deluge of ideas, websites, plans and platforms from all over the world on how best to deal with this crisis on an educational level. Extreme anxiety is the only way to describe it! I'm sure you all feel the same way when it comes to the changes in work situations. We, múinteoirí Scoil Bhríde, are thrawling over the various options that might suit the different age groups to improve on home/school communications, and we hope to update this very soon. Any emails sent to the school can be forwarded to the múinteoirí as the admin of the school continues as best we can.
On a personal note, when I was a young girl in probably R 5. in the wilds of West Kerry in the late 60s, I got picked, along with about 10 other kids, as an extra in the film Ryan’s Daughter. The reason I’m mentioning it is that we were taken out of school for the best part of the summer term. ALL the children from another small school – Scoil Dún Chaoin, were also selected as school children in the film. We had a ball! Most of the time on 'stand by’ and left to our own devices. A teacher was assigned to 'teach us’ but we just played in the bogs and on the beach. We lost a lot of school time but it never bothered us or affected us academically. We lived in the moment and learned a lot on so many levels. So my point is, don’t worry!
Stay safe and take care of your loved ones. Gach rath oraibh ar fad. Tugaigí aire díbh féin agus do bhur muintir. I have written a separate note to the páistí, to encourage them to do their best but at the same time not to worry about the school work. Everyone needs "time out" now and again (including you).
Le gach dea ghuí,
Múinteoir Lelia
Cúpla focal ó Muinteoir Lelia
LUAN: 23 MÁRTA 2020
Dia dhíbh, a pháistí!
Tá súil agam go bhfuil gach éinne go maith agus ag socrú síos beagaínín agus sibh ag déanamh an obair scoile sa bhaile! Tá fhios agam go bhfuil sé an deacair ar gach éinne agus gur mhaith libh a bheith le bhur gcáirde ag spraoi, ach ní féidir é go fóill.
Tá sé seo deacair ar Mhamaí agus ar Dhaidí freisin, ach caithfidh gach éinne tréan iarracht a dhéanamh cabhrú lena chéile ag an am seo. Tá fhios agam go ndéanfaidh sibh an iarracht an obair scoile a dhéanamh, agus tuigim freisin go mbeidh sé deacair é a dheanamh anois is arís! Na bí buartha faoi sin. Tá sé ceart go leor ‘lá faoin dtor’ a bheith agat (‘a day under the bush’ nó ‘time out’ a thógaint!). Bíonn sé sin ag teastáil ó gach éinne anois is arís.. Mamaí agus Daidí freisin!
Déanfaidh mé iarracht seiceáil isteach libh anois is arís, agus bhúr obair a seiceáil. Coimeád cúntas nó log ar na rudaí a dhéanann tú gach lá. Ba mhaith liom go mór go gcoimeádfaidh tú cúntas (journal/stracleabhar) ar cad tá ar siúl agat gach lá. Tóg pictiúir más féidir/ déan greannán (comic) de rudaí a thárlaíonn más mian leat.
Na déan dearmad go bhfuil cúpla breithlá ag teacht suas!
Litir Áine de Londra, Scoil Naomh Eirc
A thuismitheoirí/Caomhnóirí,
Beatha agus sláinte chugaibh.
Táim díreach á chur in iúl daoibh go raibh an obair a cuireadh agus an obair atá á chur abhaile inniu in ainm is na leanaí a choiméad ag imeacht, sin uile. Dá ndéanfaidís an obair, ba chun a leasa é ach muna ndéanfaidís, ní bheidís thíos leis ná ní chruthódh sé dhá shraith sa tseomra ranga ar fhilleadh dóibh ach an oiread.
Do dhaltaí áirithe, ar mhórán cúiseanna, ní bheidh an obair déanta agus ní bheimíd ag cur brú ar thuismitheoirí go mbeadh. Bheinn breá sásta dá bhféadfadh na leanaí am a chaitheamh amuigh faoin aer, ag fánaíocht, ag samhlú agus ag cruthú. D’fhéadfaidís foghlaim faoin earrach, dul ag bácáil, bheith i mbun ealaíne, iall na bróige a cheangal, cnaipe a fhuáil! D’fhéadfaidís scileanna nua a fhoghlaim agus gníomhaíochtaí eile a tharrac chuchu féin. D’fhéadfaidís dul ag obair ar thogra nó ar théarma a thaitníonn leo féin lasmuigh do churaclam na bunscoile. Arís, tá sé seo go hiontach má tá an obair déanta acu, ní hé deireadh an tsaoil é muna bhfuil.
Tagaigí slán tríd an rud seo go léir agus dein iarracht an pictiúr mór a fheiscint. Tá rudaí i bhfad níos tábhachtaí sa tsaol ná an méid a thagann fé bhrat an churaclam bunscoile. Más féidir leis na leanaí teacht tríd seo gan aon bhuairt ná imní bheith ag cur as dóibh agus más féidir le tuismitheoirí gabháil tríd gan cur lena strus, beidh obair mhaith déanta.
Slán agus beannacht go dtí go mbeimíd i bhfochair a chéile go lua aríst.
Le meas,
Áine de Londra PO
"Is mairg a bátar in am na h-anaithe mar tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne'