Labhair Seán Óg Ó Duinnín le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina chuid oibre mar chóitseálaí saoil ach go háirithe san am i láthair. 

Deir Seán Óg go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfimís go bhfuil an saol atá againn anois neamhghnách ach go bhfuil níos mó faoinár smacht ná mar a shíleann muid. Aithníonn sé go bhfuil deiseanna ag baint leis an dúshlán atá os ár gcomhair fanacht sa bhaile i. am a chaitheamh leis an teaghlach, mar shampla.

Luann sé go bhfuil an meon aigne lárnach agus muid ag díriú ar tréimhse atá scanrúil dúinn mar phobal. Deir sé, áfach, go bhfuil luachanna mhuintir na hÉireann níos feiceálaí anois ná mar a bhí le tamaill anuas agus go bhfuil meon an mheithil le sonrú.

Cé go bhfuil sceon ar dhaoine maidir leis an athrú saoil tobann atá tagtha chugainn, deir Ó Duinnín go bhfuil deis anois againn tabhairt faoi rud nua nó tabhairt faoi rud atá ar an liosta 'le déanamh againn' le fada an lá.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine óna 3 go dti'na 5.