Labhair an fidléir iomráiteach, Caoimhín Ó Raghallaigh le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi dhoimhneacht agus faoi dhraíocht an cheoil.
Bhí Caoimhín faoi thionchar an cheoil ó aois an-óg agus é ag fás aníos i mBaile Átha Cliath ach ó shin i leith, tá a bhealach féin aimsithe aige agus a stíl féin, leis. Tá cáil ar Chaoimhín mar gheall ar an ról atá aige in san sárghrúpa, The Gloaming.
Seinneann Caoimhín an fidil speisialta darbh ainm an Hardinger, a tháinig ón Iorua. Deir sé go ndeachaigh an fhuaim isteach ina 'chnámha' agus go bhfuil sé fíordheacair filleadh ar an ngnáthfhidil anois.
Tá albam nua, The Fate of Bones, ag teacht amach go luath in éindí le Dan Truman, iad i mbun comhcheoil le chéile. Agus é ag caint ar cheol comhaimseartha agus ceol traidisiúnta, deir sé nach fearr leis ceann amháin thar an ceann eile, ach go bhfuil sé ar nós teangacha, nach gá a bheith dílis dóibh ach níos mó ná ceann amháin a labhairt.
Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin, Dé hAoine 3 agus 5.