Is iad James Kavanagh, Eimear Considine agus Gráinne Mc Elwain atá roghnaithe ag Seachtain na Gaeilge le Energia leis an teanga a chur chun cinn i mbliana.

Tosaíonn Seachtain na Gaeilge ar an 1 Márta agus beidh imeachtaí éagsúla ar fud na tíre ar siúl go dtí Lá 'le Pádraig, 17 Márta. 

Ach, cé hiad an triúr seo?

Is láithreoir teilifíse í Gráinne McElwain ó Mhuineachán agus tá cónaí uirthi i gConamara le roinnt blianta anuas. Múinteoir Gaeilge agus Stair a bhí inti go dtí gur thosaigh sí amach san earnáil teilifíse. 

Is múinteoir Gaeilge agus Corpoideachas mar aon le himreoir rugbaí í Eimear Considine agus í ag imirt le Cúige Mumhan agus foireann na hÉireann. 

An tríú ambasadóir ná an scríbhneoir agus láithreoir James Kavanagh gurb as Baile Átha Cliath dó.

Lean an haischlib #SNAG20 ar na meáin shóisialta leis an gcraic agus an spraoi ar fad a fheicéail ar Instagram, Twitter agus Facebook.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi fhéile na bliana seo, féach anseo