Is iad James Kavanagh, Eimear Considine agus Gráinne Mc Elwain atá roghnaithe ag Seachtain na Gaeilge le Energia leis an teanga a chur chun cinn i mbliana.
Tosaíonn Seachtain na Gaeilge ar an 1 Márta agus beidh imeachtaí éagsúla ar fud na tíre ar siúl go dtí Lá 'le Pádraig, 17 Márta.
Ach, cé hiad an triúr seo?
Is láithreoir teilifíse í Gráinne McElwain ó Mhuineachán agus tá cónaí uirthi i gConamara le roinnt blianta anuas. Múinteoir Gaeilge agus Stair a bhí inti go dtí gur thosaigh sí amach san earnáil teilifíse.
Is múinteoir Gaeilge agus Corpoideachas mar aon le himreoir rugbaí í Eimear Considine agus í ag imirt le Cúige Mumhan agus foireann na hÉireann.
An tríú ambasadóir ná an scríbhneoir agus láithreoir James Kavanagh gurb as Baile Átha Cliath dó.

Lean an haischlib #SNAG20 ar na meáin shóisialta leis an gcraic agus an spraoi ar fad a fheicéail ar Instagram, Twitter agus Facebook.
Gráinne "Níor cheap mé go mbeinn ag obair trí Ghaeilge agus fásta. Is mór an phribhléid dom a bheith ag obair mar láithreoir spóirt. Is buntáiste fostaíocht mór í an Ghaeilge dom. 'Ní bheinn ag obair san áit ina bhfuilim anois gan mo chuid Gaeilge" - Gráinne McElwain #SnaG20 pic.twitter.com/8FgbfnnsZ2
— Seachtain na Gaeilge le Energia (@SnaGaeilge) February 18, 2020
Le tuilleadh eolais a fháil faoi fhéile na bliana seo, féach anseo