Don chéad uair, tá podchraoladh de chuid The Doc on One, RTÉ Radio One ar fáil i dteangacha éagsúla, an Ghaeilge ina measc. 

Sraith sé eagrán í The Nobody Zone atá á chur i láthair ag RTÉ agus The Third Ear agus is í an craoltóir, Sinéad Ní Uallacháin atá ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá le cloisteáil ar an leagan Gaeilge.

Beidh an podchraoladh ar fáil ar na hardáin uile, Spotify, Apple Podcasts agus a thuilleadh sna teangacha fad, gach seachtain ar feadh 6 seachtaine ag tosú inniu, Dé Máirt,18 Feabhra. 

Is féidir leat níos mó eolais faoin bpodchraoladh agus éisteacht leis an gcéad eagrán anseo.

Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir RTÉ Raidió na Gaeltachta, guthú ar The Nobody Zone