Sa gclár Tobar na Cartlainne, tugtar blaiseadh beag d'éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta don oidhreacht ársa Gaelach atá fágthaí ina dhiaidh ag Joe Steve Ó Neachtain.
Cailleadh an t-aisteoir, scríbhneoir, drámadóir agus fear pobail Joe Steve ag tús na seachtaine agus ó shin i leith, tá saol na Gaeilge ag cuimhniú ar an saibhreas atá fágtha ina dhiaidh aige.
Craolfar sochraid Joe Steve Ó Neachtain amárach, Dé Céadaoin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Shéipéal an Chnoic in Indreabhán ó 12 pm