An tseachtain seo ar Malairt Poirt le Muireann beidh Pauline Scanlon ó Chorca Dhuibhne ó dhúchas faoi agallamh ag an amhránaí, ceoltóir agus láithreoir, Muireann Nic Amhlaoibh chomh maith le ceol ó thíortha i bhfad i gcéin.

Beidh agallamh agus amhráin aoibhinn againn ón amhránaí Pauline Scanlon, gurb as Corca Dhuibhne di. Labharfaidh Pauline fés na mórán tograí difriúla ceoil lena bhfuil sí bainteach fé láthair, ina measc taifead nua aonarach agus an camchuairt timpeall na tíre le "Bird on a Wire" ag canadh amhrán de chuid Leonard Cohen. Canfaidh sí beo sa studio le tionlachan ó Gerry O'Beirne. Seo blaiseadh de "Bird on a Wire".

Beidh dís ón Estóin a chuala le déanaí ar an gclár agam. Duo Ruut is ainm doibh, beirt bhan a chanann is a sheinnean ar an Kannel, nó an siotar, agus seineann an bheirt acu ar aon urilis amháin, tá sé ana-shuimiúl ar fad. Beidh siad ag seimint i nGlaschú go luath mar chuide den bhféile mhór Celtic Connections, tá súil agam go dtiocfaidh siad go hÉirinn! Tá an rud a dhéanann siad chomh simplí ach chomh héifeachtach.

Beidh amhrán agam ó cheann des na hamhránaithe is fearr liom Hamlet Gonashvili a mhair ó 1928-1985. Tugtaí Guth na Seoirse air, agus é maith tuillte aige. Éist anseo leis.

É sin is mórán eile ar Malairt Poirt le Muireann, 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Beidh Malairt Poirt na seachtaine seo mar an clár deireanach go dtí an 21ú Márta.