Labhair Muireann Nic Amhlaoibh leis an bhfidléir agus léiritheoir teilifíse, Ciarán Ó Maonaigh faoin albam nua atá á eisiú ag a ghrúpa, Fidil chomh maith le traidisiún ceoil Thír Chonaill agus faoin gclár a stiúragh sé ar Steve Cooney.

Deir Ciarán go bhfuil an grúpa agus an albam nua, Decade ag díriú ar stíl Thír Chonaill, le trí fhidil ag seinimt ag aon am amháin. Ag caint ar an albam nua, deir Ciarán go bhfuil sé 'deacair tú féin a mheas' ach go bhfuil sé den tuairim go gcruthaíonn siad 'fuaim atá éagsúil' ach atá 'bunaithe ar an traidisiún fidiléireachta Chonallach'. Deir sé go gciallaíonn sin go bhfuil spás curtha ar fáil 'don phríomhdhuine an ealaíon a dhéanamh' ach go dtugann an bheirt eile sa ghrúpa 'dimension' eile don cheol.

Muireann Nic Amhlaoibh

Ag caint ar rólanna na mball sa ghrúpa, deir sé go dtagann an rud ar fad le chéile 'go nádúrtha', cé go mbíonn corrargóint idir na baill ach go bhfuil taithí mhaith acu ar a chéile leis na hargóintí a sheachaint. Dúshlán a bhíonn ann don ghrúpa port a sheinim le chéile mar nach bhfuil traidisiún mar sin i dTír Chonaill agus deir Ciarán go mbeadh a leithéid éasca in áiteanna eile sa tír, ar nós i gcontae an Chláir. 

Ag caint ar na cosúlachtaí atá idir ceol Thír Chonaill agus ceol Chorca Dhuibhne, deir sé 'sílim go ndéantar ceiliúradh ar an rud atá eisceachtúil'.

Labhair Ciarán faoin tsraith nua, 'Sé Mo Laoch a thosaigh ar TG4 aréir ag féachaint ar shaol agus ar shaothar Steve Cooney. Deir Ó Maonaigh go bhfuil 'oiread ceol agus oiread scéalta' ag na ceoltóirí a bheidh le feiceáil sa tsraith, ina measc, Pádraigín Ní Uallacháin, Patsy Hanly, Paddy Glackin agus Martin O' Connor.

Craoltar Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Shathairn idir 7 agus 9