Scríobhann an ceoltóir, amhránaí agus láithreoir, Muireann Nic Amhlaoibh faoina clár, Malairt Poirt le Muireann a bheidh ar siúl oíche Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 7 agus 9.

Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh amhránaíocht Arabaigh, ceol ón Alban agus neart ceol Gaelach chomh maith.

Beidh Ciarán Ó Maonaigh, an veidhleadóir as Dhún na nGall á chur fé agallamh agam fén albam nua átá eisithe aige leis an ngrúpa Fidil. Beidh sé ag caint ar a cheol dúchais agus an próiséas cruthaithe atá acu. Beidh comhrá againn chomh maith fén tsraith úr de Sé Mo Laoch a bheidh á chraoladh ar TG4 Oiche Domhnaigh ar a 9.30pm, bíonn Ciarán ag stiúradh na sraithe agus beidh an chéad chlár ag tabhairt ómóis do Steve Cooney.

Ciarán Ó Maonaigh agus Mairéad Ní Mhaonaigh

Tá an dhúil ar fad agam san amhránaíocht  Arabacha agus an na hornáidí a usáideann siad.  Cuid acu, cuireann siad ceol na hÉireann i gcuimhne dom, agus cuid eile tá siad iomlán difriúl agus dushlánach dom leithéidse, ach is breá liom a bheith ag éísteacht leis. Seo an t-amhránaí Yolla Khalife. Tá an-dhúil agam i gceol na mnaoi seo. Is as an Liobáín di ach tógfadh sa Fhrainc í. Bíonn téamaí an ghrá, na mban agus na saoirse ina cuid amhráin Ina triú halbam "Hawak"  tugann sí filíochtt le chéile ón Liobáin, ón Éigipt, ón Iaráin, ón Afganastáin agus ón bPalaistín. Tá sí spreagtha chomh maith ag cultúr na gceoltóirí lena n-oibríonn sí ag teacht ó dhearcacha éagsúla an Oirthear, an ceol clasaiceach, ceol comhaimseartha, snagcheol agus ceol leictreonach. Seo Yolla Khalife agus an t-amhrán Sawti.

Beidh camchúirt a reachtáil ag Music Network timpeall na tíre de thriúr ceoltóirí iontacha Éireannacha – an veidhleadóir Dónal O'Connor as contae Lú, an seinnteoir concertín Jack Talty as Contae an Chláir agus an seinnteoir giotár Jim Murray as contae Chorcaí i dteannta an sár phíbaire agus seinnteoir feadóige Anxo Lorenzo as Galicia. Do bhuaileas le Anxo agus mé thall ag déanamh clár don tsraith Port anuraidh agus is fear uasal agus ceoltóir den scoth é, dála an scéil do bhí sé anso i gCorca Dhuibhne mar chuid de Scoil Cheoil an earraigh cúpla blian ó shoin. Tosnaíonn an camchuairt de Máirt an 14ú i mBlea Cliath, gach eolas ó www.musicnetwork.ie.

Seo Anxo Lorenzo ar na píobaí Gailíseacha.

Bígí liom mar sin do Malairt Poirt le Muireann an Satharn beag 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.