Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh comhrá agus ceol ón gceoltóir áitíul Cormac Ó Beaglaoich atá tar éis bogadh abhaile go Chorca Dhuibhne. Beidh sé ag cur síos ar an mbliain a bhí aige agus na rudaí suimiúla ar bun aige fé láthair. Seinneann Cormac an bass concertina atá ana neamh ghnáthach ar fad. Seo blaiseadh dá cheol corraitheach:
Beidh rianta ó albaim a eisíodh le linn na bliana á sheimint agam fé mar a bhí an tseachtain seo caite, ina measc ceol ón mbeirt seo Lucia McPartlin agus Maria Ryan. Beirt veidhleadóir óg, fuinniúil o bhfuil cumas acu sa cheol claisiceach agus traidisiúnta.
Agus gan dabht, beidh ómós á thabhairt againn do Johnny Connolly, boscadóir agus seinnteoir milodeon a cailleadh le linn na Nollag. Bhi ana ghrá ag muintir Chonamara, ag lucht an cheoil, agus ag rinceoirí na hÉireann ar Johnny agus is mó duine a dúirt le cúpla lá anuas cé chomh flathúil a bhíodh sé mar cheoltóir agus mar dhuine.
Beannacht Dé leis agus comhbhrón ó chroí lena chlann. Seo blaiseadh den mháistir ag seimint don rinceoir Róisín Ní Mhainín, bhíodh sé mar rogha an rinceora i gcónaí.
Sin Malairt Poirt le Muireann óna 7-9pm Oíche Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.