Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh ómós á thabhairt agam don seinnteoir giotár Arty McGlynn a d'imigh ar shlí na fírinne dé Ceadaoin.  Ceannródaí an cheoil ab ea Arty a rugadh san Omaigh i gConate Thír Eoghain i 1944.

Bhí tógaint aige sa cheol traidisiúnta, ach chaith sé blianta ag seimint snagceoil  ar an ngiotar go proifisiúnta chomh maith, go dtí gur fhill sé ar an gceol traidisúnta sna seachtóidí agus a chur sé go mór le fhorbairt an giotar mar uirlis tionnlacanna  don gceol Gaelach, rud nach raibh mórán˜ann de roimis.

Bhí an-éileamh go deo air mar cheoltoir agus sheinn sé le leithéidí Planxty, Van Morrison, De Dannan agus Liam O’Flynn maraon lena bhean, an veidhleadóir Nollaig Ní Chathasigh. Mo chomhbhrón ó chroí lena chlann is a chairde, tá’s agam go bhfuil ana chuid daoine suaite ina dhiadh agus go raibh pobal an cheoil ana cheanúil go deo air.

Dhein an comhlacht teilifíse Aniar TV clár iontach fé Arty anuraidh mar chuid den tsraith Sé Mo Laoch agus is féidir féachaint air anseo

Ceol na bhflaitheas go gcloisfidh sé.

Beidh Méabh Ní Bheaglaoich mar aoi speisialta agam air an clár agus tháinig sí isteach sa studio i dteannta Matt Griffin ar an ngiotar agus Niamh Varian Barry ar an viola agus an bpiano agus chanadat ceol na Nollag dom, beidh deis agaibh amhrán úr Mhéabh, Londubh a chlos chomh maith, mar thug sí cead dom an chéad éísteacht a thabhairt daoibh. Seo Méabh nuair a bhí sí mar aoi agam féin agau Julie Fowlis ar an gclár Port cúpla blian ó shoin.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Agus gan dabht beidh ceol na Nollag á sheimint agam daoibh!. Seo An mór ghrúpa Sasanach os na seachtóidí Steeleye Span agus an carúl traidisiúnta Gaudete a chiallaíon – bíodh áthas oraibh tá Iosa rigtha - agus tagann sin ón albam Below the Salt a tháinig amach i 1972 ach téann an t-amhrán féín siar chomh fada leis an séú aois déag.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Bí liom do Malairt Poirt le Muireann Oíche Shathairn 7-9pm ar Raidió na Gaeltachta.