skip to main content

Malairt Poirt le Muireann: Ceol agus cuimhní

Ar Malairt Poirt na seachtaine seo bhí an seinnteoir piano as contae an Chláir Deirdre Millane liom. Do labhair sí liom féna halbam nua Idir Dubh agus Bán agus do sheinn sí cúpla píosa álainn ceoil dom.

Seo blaiseadh de cheol Dheirdre, an fonn mall The Mountains of Pomeroy:

Beidh rian ón ngrúpa Vasen ón tSualainn atá 30 bliain ar an bhfód i mbliana, ceann de mhórghrúpaí traidisiúnta na Sualainne iad seo ach ar an albam seo is ceol a chumadar fhéin go hiomlan atá ann. The Rule of 3 is ainm don dtaifead nua.

Beidh ceol leis ón ngrúpa Steve Riley and the Mamou Playboys, bhuailfinn go minic leo ar an mbóthar nuair a bhíodh ana chuid féíltí ceoil á dheanamh agam le Danú. Is as New Orleans dóibh agus seinnean siad ceol Cajun, sin ceol ó Louisiana le tionchar na Fraince, ceol na hAifrice maraon lenar gceol fhéín agus bíonn an meleodeon agus an veidhlín go minic á sheimint acu. Is cuimhin liom nuair a bhí an National Folk Festival i Meirceá á dhéanamh againn le chéíle agus bhuail an scéal sinn fé Hurricane Katrina New Orleans, bha mhór an scrios a deineadh dá gcathair agus dá dtithe, bhí gach éínne ana thrí na chéíle, ní dhearúdfad go deo é agus an ceol a sheinneadar an lá sin.