Labhair an file Ciara Ní É le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina ról nua mar Scríbhneoir Cónaitheach le DCU. 

Is as Cluain Tarbh i mBaile Átha Cliath de Chiara agus deir sí go bhfuil sí ag scríobh ar feadh a saoil ach nár chuir sí peann le pár i gceart go dtí gur bhog sí go Londain. Ba ansin a thosaigh sí ag reic filíochta agus gur fhorbairt a spéis sa scríbhneoireacht chruthaitheach.

Bhunaigh Ciara reic, oíche filíochta dhátheangach a tharlaíonn go míosúil i mBaile Átha Cliath. Deir Ciara go raibh tionchar ag na scríbhneoirí Kate Tempest, Réaltán Ní Leannáin agus Marcus Mac Congail uirthi.

Bhí bliain ghnóthach caite ag Ciara ag taisteal ní hamháin ó cheann ceann na tíre ach timpeall na hEorpa freisin lena cuid dánta agus deir sí go bhfuil sí ag súil le bheith ag obair le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun fréamhacha a leagan síos ann. 

Luaigh Ciara go bhfuil sí ag obair ar leabhar ach nach raibh an t-am aici socrú síos agus díriú ar an saothar sin ach go mbeidh an leabhar á fhoilsiú an bhliain seo chugainn. Tosóidh Ciara a post nua san Ollscoil i mí Eanáir, 2020. 

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5