Ar Malairt Poirt le Muireann na seachtaine seo beidh agallamh agus ceol beo agam leis an laoch Chorcaíoch John Spillane. Cloismid cúpla amhrán álainn uaidh agus beidh sé ag caint fén bhfeachtas FundIt atá ar bun aige dá albam nua.

Seo blaiseadh den speal é fhéin leis an amhrán Dance of the Cherry Trees.

Beidh cúpla amhrán ón Alban agam, mar a bhíonn go minic. Sí seo banríon na hamhránaíochta, Mairi Nic an Gobhann nó Mary Smith a roinnean a ceol go fial flaithúil. Is as Oileán Leodhais di agus tá sí imithe i bhfeidhm ar mhórán ceoltóirí. Seo clár speicialta a deineadh fúithi – téir go 19:33 chun í a chlos léi féin.

Beidh ceol nuachumtha á sheimint agam chomh maith. Seo rian ón gcumdóir agus ceoltóir Ioslainneach Johann Johannsonn a bhfuair bá anuraidh a scrígh ceol le haghaidh réimse leathan meán ar nós amharclannaíocht, rince, teilifís, agus scannáin. Mheasc sé stíl ceolfhoirne traidisiúnta le gnéithe leictreonacha comhaimseartha. Seo píosa dar teideal Flight from the City.

É sin agus móran eile, bígí liom – Malairt Poirt le Muireann, Dé Sathairn beag seo ón 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.