Labhair Hughie Eibhlíne Ó Duibheannaigh le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina thaithí leis an ól.
As Rann na Feirste Hughie agus deir sé go raibh sé an-óg nuair a thosaigh sé ag ól agus go raibh sé róthugtha don ól. Deir Hughie 'ní raibh a sháith ariamh agam, ach thabharfainn suas é thall is abhus'. Dúirt sé go raibh an nós aige a chuid airgid a chaitheamh ar ól. Dúirt sé go raibh sé ag obair i bpost ar feadh trí bliana go leith, áit a rinne sé airgead réasúnta á dhéanamh aige, dúirt sé le linn na trí bliana go leith gur ól sé 'achan lá'.
Labhair Hughie faoin gcúram a fuair sé agus dúirt sé nach tháinig na cruinnuithe AA go hÉirinn go dtí le déanaí agus gur mór an chabhair iad ó shin.
Deir sé go mbíodh sé ag ól sé phionta ar maidin, sé phionta eile i lár an lae agus níos mó san oíche. De réir mar a chuaigh sé in aois, deir sé gur in olcas a bhí a chorp ag dul agus nach raibh sé in ann deileáil leis an ól mar a bhíodh.
D'athraigh Hughie a shaol nuair a chuaigh sé go háit i nGaillimh darbh ainm, Cluain Mhuire ar feadh dhá sheachtain déag. Deir Hughie go raibh an t-ól á thabhairt suas aige 'do dhaoine eile' seachas dó féin. D'admhaigh Hughie gur chaill sé a chlann, a bhean, a cheadúnas tiomána agus a phost, mar gheall ar an ól.
Deir Hughie nár cheart go mbeadh náire ar éinne a bhfuil fadhb acu leis an ól ach molann sé do dhaoine freastal ar chruinniú le cabhair a lorg.
Admhaíonn Hughie go bhfuil saol anois aige, rud nach raibh aige nuair a bhí sé ag ól.
Craoltar Bladhaire idir 3 agus 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine