Scríobhann an t-amhránaí, ceoltóir agus láithreoir teilifíse agus raidió, Muireann Nic Amhlaoibh faoina clár ceoil agus cainte, oíche Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Malairt Poirt le Muireann.
Ar Malairt Poirt le Muireann na seachtaine seo beidh agallamh agam le Cormac Ó hAodha fé Éisge Dhiarmuidín Uí Shúilleabháin a bheidh á reachtáil an deireadh seachtaine seo chughainn i Múscraí, Co. Chorcaí.
Déanfaidh Cormac cur síos ar amhránaíocht Dhiarmuidín féín maraon leis an méid a bheidh ar siúl le linn na féile idir ranganna agus coirmeacha ceoil. Seo físeán de Dhiarmuid Ó Súilleabháín agus an t-amhrán Carraig Aonair, ceann des na hamhráin is ansa liom a bhí aige.
Anuas ar sin, beidh cúpla rian á sheimint agam ón grúpa M'Anam, atá déanta suas ochtar amhránaithe fir agus a chanann ceol Gaelach agus Íoslannach. Bíonn an cóiriú acu atá an-spéisiúl go deo. Tá armóin aoibhinn le clos sa cheann seo.
Beidh píosa eile á sheimint agam ón amhránaí Sylvia Peres Cruz a bhí ar an gclár agam cheana. Is amhránaí Flamenco ón Spáinn í a bhfuil ag éirí go hiontach léi agus tá singil nua eisithe aici dar teideal Grito Lealao. Seo físeán álainn di ag canadh go neamh fhoirmeálta – tá mothúcháín dochreidte ina guth.
É sin agus mórán eile ar Malairt Poirt le Muireann, oíche Sathairn 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.