Labhair Pádraig Ó Sé, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ceoltóir, le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina uchtú agus a chuardach dá mháthair a shaolaigh é.

Spreagadh Pádraig le labhairt faoina uchtú nuair a craoladh ar TG4 Uchtú, a chuaigh i ngleic le daoine uchtaithe, Evanne Ní Chuilinn ina measc.

Bhí Pádraig trí bliana d'aois nuair a uchtaíodh é le Micí agus Eibhlín i nDún Chaoin, i gCorca Dhuibhne. Uchtaíodh a dheirfiúr, Áine sular tháinig Pádraig abhaile. Dúirt máthair Phádraig go raibh sí istigh ar cuairt ag cur aithne ar a dheirifiúr, Áine nuair a chonaic sí Pádraig ann agus go raibh 'uaigneas sna súile' agus nach bhféadfadh sí é a fhágaint ina dhiaidh sa Nazareth Home, i dTrá Lí. Fiú nuair a bhí Áine sa bhaile i nDún Chaoin, deir Pádraig go mbíodh Eibhlín ag teacht isteach go Trá Lí go minic ar cuairt chuige sula bhfuair sí deis é a thabhairt abhaile laistigh de bhliain.

Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas

Deir Pádraig go raibh an-ádh air go bhfuair sé teaghlach a thóg é agus a dheirfiúr, Áine agus go raibh an teach ar nós 'ollscoil bheag' le daoine ag teacht agus ag imeacht ag foghlaim Gaeilge. Cailleadh athair Phádraig agus ansin a mháthair, Eibhlín go tragóideach agus go gairid ina dhiaidh sin, a dheirfiúr, Áine ag aois óg. D'aithin sé go raibh easnamh mór mílteach ina ndiaidh. Go gairid i ndiaidh na mbásanna seo, dúirt Pádraig gur bhuail sé go tobann é agus é ar a bhealach go Baile Átha Cliath nár thuig éinne cérbh é féin agus nár thuig sé féin cé a bhí ann ach oiread.

Rinne Pádraig teagmháil lena mháthair tríd na húdaráis agus fuair sé amach go raibh sí fós ina beathaigh agus go raibh beirt deartháireacha aige, duine amháin a báthadh go tragóideach agus é ina fhear óg agus duine eile fós beo.

Léirigh máthair bhreithe Phádraig nach raibh sí ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le Pádraig. Bhuail 'cruatan an tsaoil' a mháthair, a deir sé agus gur thuig sé a cás. Deir sé gur dheas leis a rá léi go raibh saol 'iontach' aige ach nár theastaigh uaidh aon suaitheadh a dhéanamh di.

'sin í a thug ar an saol mé ach, is é Micí agus Eibhlín a chruthaigh mé'


Fuair Pádraig amach go mbeadh a mháthair ag freastal ar sochraid go háitiúil agus chuaigh sé féin agus a bhean, Michelle chuig an tsochraid, ar eagla go bhfeicfidís í. Ag dul isteach chun na sochraide, bhí Pádraig ag crith 'ó bhathais go bonn' ag cuimhneamh ar a mháthair a fheiceáil don chéad uair ina shaol mar dhuine fásta. D'aithin sé a mháthair agus a dheartháir ar an lá ach le 'teann meas', ní dheachaigh sé chun cainte léi. 

Níl aon teagmháil déanta idir an dá linn ag máthair bhreithe agus cé gur dheas le Pádraig go ndéanfadh sí amhlaidh agus go mbeadh sé in ann a bhuíochas a ghabháil léi ach tá meas aige ar a cinneadh, mar sin féin.

'Ná déanaimis dearúd ar na máithreacha bochta', a deir sé. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 ón Luan go hAoine.