Tugann Muireann Nic Amhlaoibh ar thuras ceoil muid ó amhránaithe áitiúla Chorca Dhuibhne go banna ceoil ón Danmhairg agus agallamh speisialta le Maz O' Flaherty ar a clár Malairt Poirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Beidh mé thar n-ais sa chathair libh an Satharn beag seo tar éis briseadh an deireadh seachtaine seo caite don Oireachtas agus beidh Mazz O'Flaherty á chur fé agallamh agam fén dtaifead Farewell to Sessions from the Shop – tá Siopa Cheirnín an Daingin mar cheann des na siopaí is aitheanta sa Daingean agus is beag ceoltóir nach dtéann ar cuairt go Mazz nuair a thagann siad go Corca Dhuibhne.

Bíonn fáílte fial ann i gcónaí dúinn ar fad agus tugann sí tacaíocht iontach do cheoltóirí, go háirithe ceoltóirí áitiúla. Sé atá sa taifead seo na rianta ós na daoine ar fad a sheinn sa siopa di thar na mblianta – ina measc, Greenshina, Luka Bloom, Jack O’Rouke agus Lumiére (féach thíos). Beidh an CD á sheoladh i Tigh Uí Fhlaibhearta oíche Aoine beag seo óna 7in ar aghaidh

Anuas ar sin beidh ceol agam ó Mhichael Rooney, duine de mhór chláirseoirí na tíre seo go bhfuil cáil á bhaint amach aige mar chumadóir chomh maith. Seo blaiseadh dá chumas ceoil – draíochtúil

Beidh cúpla piosa neamh ghnáthach agam chomh meaith, mar is gnáth. Is breá liom an grúpa seo ón Danmhairg. Dreamer's Circus is ainm dóibh agus tá ag éirí go hiontach leo ar fuaid an domhain – seo hiad leis an píosa Kitchen Stories.

É sin is móran eile ar Malairt Poirt le Muireann de Sathairn beag seo óna 7-9pm ar Raidió na Gaeltachta.