Is é Bainisteoir Réigiúnach Bhaile na nGall, RTÉ Raidió na Gaeltachta a d'fhreagair 10 gceist inniu. I measc na bhfreagraí atá aige, caid, comhluadar agus scannán i bhFraincíse!
Cén áit is ansa leat?
Fothair na Manach.
Cén béile is fearr a bhí agat ariamh?
Iascáin agus piardáin ar an mbairbiciú ar thaobh trá sa Penguin Point Café, Boulder's Beach san Aifric Theas.
Cén leabhar agus/nó scannán is fearr leat?
Leabhar, Michael Hartnett, Collected Poems agus scannán, Les Enfants du Paradis.
Mura mbeifeá i do chraoltóir, céard a dhéanfá?
Feirmeoir caorach dá mbeadh aon slí bheatha le baint as.
Baile Átha Cliath nó Baile An Fhéirtéaraigh agus cén fáth?
Baile an Fheirtéaraigh. Dúthaigh Duibhneach, 'sí tír mo rúin í atá dlúth dom chroí-se' ....
Cén imreoir caide is mó a thaitníonn leat?
Maurice Fitzgerald, Matt Connor, Kieran McDonald.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú óg?
M'athair
Cén rud is fearr faoi do phost?
An aithne a chuireann tú ar phobail Ghaeltachta eile.
Cén rud is measa faoi do phost?
Ní ghéillim don ndiúltachas agus dá réir, ní aithním na droch-thréithe.
Cén séasúr is fearr leat agus cén fáth?
An t-earrach. Péacadh, féidireacht, éachtaint ar a bhfuil le teacht- dóchas.