Labhair an t-amhránaí Inni-K le Tristan Rosenstock ar  An Cúinne Dána  ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina turas nua agus faoina saol ceolmhar go nuige seo.

Ag trácht ar amhrán atá ar a halbam is déanaí, The Hare's Lament, An Radharc is Sia, deir sí gur spreag an scannán Éireannach mar gheall ar spás, The Farthest í le dul i mbun pinn nuair a bhraith sí cé chomh beag agus atá an cine daonna i gcomhthéacs na bplainéad eile. 

Tá sealanna caite ag Inni-K in san Ionad Tyrone Guthrie, tearmann do scríbhneoirí atá lonnaithe i gContae Mhuineacháin agus deir sí go bhfuil na sealanna as baile 'chomh tábhachtach' mar go n-éiríonn léi 'dul beagáinín níos doimhne sa scríbhneoireacht' agus gur iontach an 'leigheas' é an t-am sin di.


Síleann Inni-K go raibh na fuaimeanna ar a halbam nua 'ag síneadh' agus 'neamhbhalbh' i gcomparáid lena saothar go nuige seo. Tá an t-amhránaí den tuairim go léiríonn an t-albam is déanaí 'níos mó muiníne'.

Tá Inni-K ag dul ar camchuairt ó cheann ceann na tíre, tá sonraí na camchuairte sin le fáil anseo

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Shathairn ag 10.30