Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh mé ag labairt leis an sár-chruitire Laoise Kelly fén Fhéile Chruite a stiuraíonn sí ar Oileán Acla is atá fé lán tseoil an deireadh seachtaine seo. Tá rogha iontach cruitirí agus ceoltóirí ag tabhairt fén oileán is beidh gach sort genre ceoil le chlos maraon le ranganna agus seisiúin. Seo blaiseadh den gcruitire Ben Creighton ón Bhreatain Bheag gur thug Laoise ard mholadh dó le linn an agallaimh:

Beidh ceol chomhaimsirthe ó thíortha eile á sheimint agam chomh maith, mar is eol dos na héisteoirí, is breá liom aon rud éagsúl bainteach leis an nguth agus an amhránaíocht, agus do bhaineas ana thaitneamh go deo as an rian seo ó Kristian Kristensen, amhránaí ón Iorua, is breá liom an tslí go bhfuil an rian cóirithe lena a ghuth amháin:

Gan dabht, beidh ceol na hÉireann go mór le chlos sa chlár agam chomh maith agus is comharsa agus cara liom í an ceoltóir óg cumasach Nicole Ní Dhubhshláine ón nGráig i gCorca Dhuibhne. Tá aithne agam uirthi ó rugadh í agus b'álainn an rud í a fheiscint is a chlos ag blathú mar cheoltóir agus mar bhean. Táimid ar fad ana bhródúil aisiti. Tá sí i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh anois agus tá sí féin agus an seinnteoir giotar Kyle MacAuley tar éis albam a thaifead dar teifdeal Barra Taoide. Seo blaiseadh dá gceol anso:

Agus beidh cúpla rian á sheimint agam ón amhránaí Phailistíneach Sanaa Moussa, bean a dhiríonn ar bhéaloideas Phailistíneach na mban agus a dheaineann ceiliúradh ar thraidisiúin bunduchasacha difriúla. Táim fé gheasa ag fuaimeanna an teanga Araibis agus an ornádiú casta ins na hamhráin.

É sin is móran eile ar Malairt Poirt le Muireann, Dé Sathairn óna 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.