Labhair Cormac Begley le Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána faoin seó nua, Mám atá ar siúl mar chuid den Dublin Theatre Festival.

Deir Begley go bhfuil aithne aige ar an gcóiréagrafaí iomráiteach Michael Keegan Dolan le roinnt mhaith blianta ó bhí siad ag obair le chéile ar thionscnamh eile, Rían. Tháinig Keegan Dolan go Cormac cúpla bliain ó shin le smaoineamh nua do shaothar úr ina mbeadh rinceoirí ag freagairt do cheol traidisiúnta Chormaic chomh maith le ceol clasaiceach leis an ngrúpa, Stargaze in éindí.

Cormac Begley

Labhair Cormac faoin ensemble de cheol clasaiceach agus faoin bpróiséas atá ag an ealaíontóir Micheal Keegan Dolan chun a shaothar a chruthú. Deir sé nár oibrigh sé riamh le héinne cosúil leis agus gur 'duine ann féin' is ea é. D'inis sé do Rosenstock go gcaitheann an fhoireann ar fad a bhaineann leis an saothar an lá ar fad i dteannta a chéile, ag ithe bricfeasta, ag déanamh íóga agus ag cleachtadh ceoil le chéile chun an caidreamh eatarthu a threisiú. 

Bhí fís ag Michael ón gcéad lá, a deir Cormac agus cé nach bhfuil taithí ag Cormac air a bheith ag obair chomh cóngarach d'ealaíontóirí eile ach go raibh 'toradh maith' ar an obair. Deir sé gur 'cairde go deo' iad na daoine atá ag plé leis an saothar agus gur éirigh le Michael an fhoireann a 'oscailt amach' agus gur as sin a tháinig an 'fíorealaíon'.

Cad is brí le teideal an tsaothair do Chormac?' Saghas teacht le chéile... domhain difriúla, ceol, rince agus b'fhéidir na deacrachtaí a bhíonn ag baint le ag tabhairt na domhain sin le chéile'.

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Shathairn ag 10.30