Labhair Dara Ó Cinnéide le hÁine Ní Bhreisleáin ar a clár nua ar RTÉ Raidio na Gaeltachta, Bladhaire. Roinn Ó Cinnéide cuimhní ar a bheith ag imirt caide le Ciarraí agus a shaol ó shin.
D'admhaigh Ó Cinnéide gur Dub ab ea é ón tús ach gur bhog a theaghlach ar ais go Corca Dhuibhne nuair a bhí sé dhá bhliain d'aois agus gur ann atá sé ó shin. Luaigh sé laochra caide macasamhail Pháidí Uí Shé a spreag i dtreo na peile é. Ag caint ar ré órga Chiarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí deir sé go mbeadh sé 'mínádúrtha' ag an am mura mbeadh spéis agat sa pheil agus tú i gCiarraí.
'ní gá duit dul rófhada ar thóir ar laochra'
Deir sé gur 'fathaigh ab ea na daoine seo- chuaigh sin i bhfeidhm orm'. Tá an tacaíocht láidir fós ann don chaid sna scoileanna. Luann Ó Cinnéide go bhfuil cúrsaí 'i bhfad níos fearr anois' maidir leis buachaillí agus cailíní ag meascadh le chéile i gcúrsaí spóirt ná mar a bhí agus é ina leaid óg.
Ag caint ar a laethanta ag imirt le Ciarraí, deir sé gur 'pribhléid' ab ea an deis agus é ina chaptaen ar an bhfoireann nuair a bhain siad Craobh na hÉireann. Tá cáil ar an óráid lánGhaeilge a rinne Ó Cinnéide agus é ina chaptaen ar na céimeanna Pháirc an Chrócaigh sa bhliain 2004. Ag trácht ar an óráid deir sé '
'Is breá liom teangacha, is breá liom Béarla chomh maith le Gaoluinn ach is sí an Ghaoluinn ár gcuid féin'
Luann sé gurb é an Cumann Lúthchleas Gael ainm na heagraíochta le béim ar an nGael agus nach rogha a bhí ann ar an lá sin mar 'bhí muintir na Gaeltachta tar éis mar a chur in airde ar an ardán, bhí an corn á ghlacadh agam thar cheann foireann Chiarraí gan dabht ach thar cheann mhuintir na Gaeltachta níos mó ná aon rud eile'.
Filleann Ó Cinnéide ar thábhacht na nGaeltachtaí arís eile agus an tacaíocht a fhaigheann ceantair Ghaeltachta ó cheantair eile toisc an nasc teanga. Tá a leithéid fós le brath mar a léiríodh nuair a bhí foireann Ghaoth Dobhair i mbarr a réime anuraidh.
Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.