Nuair a fheiceann mise na sméara ag athrú ó dhearg go dubh ar na driseacha agus deireadh an tSamhraidh ag druidim linn, meabhraíonn sé dhom go mbeidh na scoileanna ar ais gan mhoill, go bhfuil sé in am réiteach don Gheimhreadh agus mar sin don subh.
Nuair atá dath dubh tagthaí ar na sméara agus lá breá tirim ann, téim ag cuartú crúscaí a bhíonn coinníthe ar feadh na bliana agam, nó a bhíonn sábhailte ag cairde agus gaolta liom. Is fearr lá tirim don chineál seo oibre, mar ní bheidh na sméara fliuch ag an mbáisteach agus beidh blas níos deise orthu.

Téim féin agus na gasúir ag siúl ar bhóithrín a bhfuil neart driseacha ag fás ar na taobhanna mar gur fearr áiteacha nach bhfuil mórán tráchta ann, ionas nach mbeidh aon truailliú ar na sméara. Caithfidh mé admháil ag an tráth seo, nach mórán fonn a bhíonn orthu go minic a theacht amach, le dhul ag strapadóireacht ar chlaíeachaí, éadaí á sróicthe ag driseacha, nó le dóigh a fháil ó na neantóga a fhásann ina measc go minic.
Mar sin fhéin tá na oiread sin dúil acu sna sméára agus sa subh, go dtarraingeóidh said orthu buataisí lena gcosa a chosaint óna deiligneacha beaga géara.
Ar lá maith, beidh na sméara is fearr bainte amach againne, sula mbeidh said scuabthaí ag dream éicint eile. Tá’n coimhlint gear lena sméara is fearr a bhaint..
Ní fada go bhfuil muid tagthaí ar na tomachaí a bhfuil na sméara is mó, is milse agus is troime ag titim don chraobh. Go minic beidh sé ina throid faoi cé a thógfaidh seilbh ar an tom is fearr, nó faoin méid sméara atá daoine áithríthe ag cur ina mbéal, seachas sa soitheach. Ach nuair atá na méaracha priocthaí ag na deilgní, agus dath dubhghorm orthu ó sú na dtorthaí, faoi dheireadh nuair nach bhfuil spás ar bith fannta, iontaíonn muid abhaile.
"Baineann subh sméara ní amháin leis an lá atá inniú ann le mo chlann féin, ach leis an gcuimhne atá agamsa ar mo Mhamó a dhéanadh an rud céanna agus mise i mo chailín beag. "
Nuair a bhí muid beag, chuirfí amach muid ag piocadh sméara dubha do mo mháthair ionas go mbíodh crúscaí subh againne freisin, subh a bhíodh i bhfad níos deise na aon chineál a bhíodh le ceannacht sna siopaí.

Go minic is iad na háiteacha céanna a théann mo chuid gasúir sa tóir ar na sméara agus a bhíodh mé fhéin á lorg fadó an lá ó shin. Tá rud éicint nádúrtha faoi bheatha a thabhairt ó ghlúin go glúin. Sílim gur comhartha iad na sméara don saol fadó agus an saol atá fós againn, ach aire a thabhairt dhó.
Tá úllaí géara ag fás sa ngáirdín againn agus níl siad baileach sách aibí fós, mar sin tá siad díreach ceart don subh sméara. Sula raibh siúcra faoi leith ar fail sna siopaí, ionas go ndéanfaí subh, bhíodh fios ag an sean-dream gur theastaígh úllaí géara uaidh na sméara ionas go gcruaódh an subh. Níl an óthain peictin sna sméara astu féin le h-aghaidh é seo a dhéanamh agus is minic a chuireann daoine sú agus síolta liomóide tríd an meascán, ach ní gá é seo, má bhaintear úsáid as an siúcra a bhfuil peictin curtha leis.
Is maith liom fhéin an subh a dhéanamh ar an sean chaoi, le siúcra agus úllaí géara. Tá siad chomh géar go gcuirfidís ag caocha do chuid súile thú dá mblaisfeá dóibh, ach siad atá díreach ceart don subh.
Nuair atá na torthaí fiuchta, agus an siúcra téighte curtha leis, caithfear súil a choinneáil air an meascán ionas nach mbainfear an iomarca broigh as, ach an otháin go gcruaóidh sé go deas nuair a fhuaraíonn sé. Ansin cuirtear sna crúscaí é. Sa teach s’againne, ar éigin a bhíonn an subh fuaraíthe sula dtosaítear air. An bealach is fearr le subh sméara a ithe, ná le sconnaí úra agus neart ime – ach ná bí ag súil go mairfidh sé i bhfad.
Amach ó chuan Chasla ag tús mí Mheán Fhómhair, tá na carraigeacha beaga ciúin arís, mar go bhfuil na geabhróga ag ullmhú le himeacht agus is gearr uainn anois go mbeidh na fáinleóga ag déanamh an rud céanna. Tá fios ag chuile pháiste nach féidir na sméara a ithe nuair atá oíche Shamhna caite, mar go gcaitheann an púca smugairle orthu. Nach deas mar sin, go mbeidh subh na sméar againn ar feadh tréimhse, le laethannta leisciúla an tSamhraidh a chur i gcuimhne dúinn.