skip to main content

Tábhacht an scéil sa cheol

Nell Ní Chróinín
Nell Ní Chróinín

Labhair an t-amhránaí Nell Ní Chróinín le Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcamchuairt le Tara Breen, Laoise Kelly, Josephine Marsh mar chuid den Music Network.

Ball den ghrúpa ceoil, Dánú í Nell Ní Chróinín arbh as Cúil Aodha i gceantar Ghaeltachta i gContae Chorcaí í. Deir sí go bhfuil sí sásta a bheith in Éirinn seachas ar an mbóthar i Meiriceá agus a bheith 'i measc do dhaoine féinig'. 

Cé nach raibh aithne phearsanta aici ar na ceoltóirí a bheidh ina teannta ach go bhfuil 'saol an cheoil traidisiúnta beag a dhóthain' go raibh aithne éigin acu ó bheith ag freastal ar fhéilte.

Baill den ghrúpa atá ar an mbóthar le chéile le Music Network

Labhair Nell faoi thábhacht an cheoil mar uirlis chumarsáide agus go bhfuil an scéal á insint aici, fiú mura bhfuil Gaeilge ag gach éinne sa lucht féachana. 

Ní Chróinín a roghnaigh na hamhráin agus i nGaeilge atá formhór acu, le corrcheann Béarla agus deir Nell gur roghnaigh sí amhráin simplí mar in amanna gurb iad is deise. 

Tá gach eolas faoin gcamchuairt ar fáil anseo.

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 10:30-11:00 Dé Sathairn