skip to main content

What's going on as Gaeilge for Culture Night?

Are you planning your Culture Night schedule? Tá neart pleanáilte don oíche atá i nGaeilge nó dátheangach, here's some of what caught our eye!

if you're in Dublin, beidh Turas agus caint treoraithe thart ar fhoirgneamh stairiúil 6 Sráid Fhearchair, a bhí tráth mar teach cónaithe ag Cardinal Newman agus mar Bhanc ag Sinn Féin

Time: 6.30pm - 9:30pm

Address: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

6 Sráid Fhearchair

Turas Treoraithe trí Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide

Turas treoraithe trí Ghaeilge ar champas Choláiste na Tríonóide. Soláistí & ceol beo i ndiaidh gach turas. Guided tour as Gaeilge [30 min] of Trinity's historic campus. Music & refreshments provided after each tour.

Meeting Point: the Campanile, Library Square, Trinity College Dublin, College Green, D2

Time: 5.45pm, 6.30pm agus  7.15pm 

Address: Campanile, TCD Front Square, D2

Más in Ulaidh atá tú...

Ceolchoirm curtha i láthair ag Coiste Gaeilge Comhairle Contae Mhuineacháin

Is maith le Coiste na Gaeilge Chomhairle Contae Mhuineacháin a chur in iúl go mbeidh ceolchoirm ar bun againn Oíche Chultúir 2019.  Páirteach inti beidh ceathrar ceoltóir den scoth ón gcontae, sin iad David Lambe, Seán McElwain, Dónal McCague agus Niamh Magennis.  Is ar láthair uathúil Teach an Mhargaidh a bheidh an ócáid is táimid cinnte go mbeidh an-oíche againn ansiúd.  Anuas ar an gceol déanfar ceiliúradh ar an nGaeilge mar dhlúthchuid dár gcultúr agus aitheantas féin.

Dónal Mc Cague

Ag an Ché le Clapsholas

Tá an grúpa peinteaireachta Plein Air Gaeltacht Thiar Thír Chonaill chun tráthnóna nó clapsholas de ealaín chruthaitheach a eagrú ar Ché Mhachaire Rabhartaigh.

Beidh cuireadh ag an phobal a bheith i láthair chun sult a bhaint as an oíche agus páirt a ghlacadh san ealaín. Beidh an imeacht ar siúl trí mheán na Gaeilge agus i ndhiaidh an pheintéireacht beidh ceol agus céilí ar siúl dTigh Choll.

Time: 7pm - 9:30pm

Address: Trá Mhachaire Rabhartaigh, Co. Contae Dhún na nGall

Gaoth Dobhair

Éigse na Brídeoige- Céiliúradh Uíbh Ráthaigh

Oíche spleodrach ceoil agus amhránaíochta, trí mheán na Gaeilge, ag ceiliúradh ár dteanga dúchais agus ár n-oidhreacht ceoil agus amhránaíochta. Déanfar nasc idir Ghaeltachtaí Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach, le aoi speisialta na hoíche ag teacht aduaigh, agus muintir na háite (idir ceoltóirí/amhránaithe proifisiúnta agus óga) ag tógaint páirt lárnach in imeachtaí na hoíche.

Address: An Cillín Liath, Co. Chiarraí

Uíbh ráthach

Rince, Rannta agus Scéalaiocht (Dance, Rhymes and Storytime)

Oíche Chultúir trí gaeilge do na páistí beaga sa cheantar – Fáilte roimh gach éinne!

Sa cheardlann seo, cuirfear an bhéim ar rannta, ar cheol agus ar ghluaiseacht sa phróiseas sealbhaithe teanga agus déanfar stiúradh ar cheardlann idirghníomhach agus taitneamhach ar conas gníomh-amhráin agus rannta a úsáid le leanaí óga chun iad a spreagadh. Beidh an cheardlann oiriúnach do dhaoine fásta agus do pháistí 3-8 mbliana.

Irish Culture night for families, All levels of Irish speaker welcome. After a really successful event last, year, we are back again to have an Irish language workshop with children aged 3- 8 and their parents, grandparents, uncles and aunts.

Come along for some well known rhymes, music and dance, followed by some refreshments

Time: 5pm - 6pm

Address: Coláiste Mhuire gan Smál/ Mary Immaculate College South Circular Road, Limerick.

Culture Night takes place this Friday, 20th of September, nationwide. Tuilleadh eolais anseo