Labhair Helen Ní Shé le Jamie Ó Flannúra ón Daingean ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina bhua mar shárghiolla na Rós i mbliana.
Dúirt Jamie gur baineadh siar as nuair a bronnadh an duais air mar go raibh iomaíocht ghéar ann agus go bhfuil sé ar mhuin na muice ó shin.
Bhí cúpla seachtain 'ana-ghnóthach' ag an bhfear óg as an Daingean agus é ag tabhairt aire do Rós Abu Dhabi chomh maith le Rós Luimnigh, a bhain an comórtas aréir! Ba léir ó ghuth Jamie go raibh neart ceiliúradh ar siúl aige le linn na féile.
Roghnaigh rósanna na bliana seo Jamie as na giollaí go léir as a mhuintearas agus a thacaíocht aige Féile na Rós i dTrá Lí.
Luaigh Jamie go raibh seachtain mhór imeachtaí ann don chomórtas agus seasca bliain bainte amach anois ag an gcomórtas. Beidh Jamie ag filleadh ar an gcomórtas an chéad bhliain eile mar chuid den duais atá bainte aige.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 ón Luan go hAoine.