Tá Linda Ervine agus a cairde ó Oirthear Bhéal Feirste ar cuairt go Corca Dhuibhne áit ar labhair siad le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina n-aistear leis an teanga agus sa Ghaeltacht.
Tháinig Linda, Stíofán Carson, Diarmaid Breslin, Jim McCauley abhus ó oirthear Bhéal Feirste, áit nach mbíodh mórán Gaeilge le cloisteáil go dtí gur bhunaigh Linda an East Belfast Mission.
Tá fás agus fobairt ag teacht ar an eagraíocht ó shin agus deir Linda go bhfuil tarlaithe ó bhí siad i gCorca Dhuibhne bliain ó shin, le tacaíocht ó Roinn na bPobal ó thuaidh. Leis an airgead sin, tá seomra staidéir agus leabharlann agus scoláireachtaí anois ar fáil dóibh siúd atá ag tabhairt faoin nGaeilge.

'bhí mo shúile oscailte' a dúirt Stiofán agus é ag caint ar an nGaeilge a d'aimsigh sé ceithre bliana ó shin. Luann sé go mbíodh sé den tuairim go raibh baint ag an teanga le claonadh polaitiúil ach bhfuil a intinn athraithe ó shin i leith.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 ón Luan go hAoine.