skip to main content

Julie Jay ar bhanfhuirseoireacht, botox agus keyboard warriors

Labhair an fuirseoir as an Daingean, Julie Nic Eoin, nó Julie Jay mar is fearr aithne uirthi le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar a ceird.

Múinteoir scoile a bhí in Julie go dtí gur thapaigh sí an deis tabhairt faoi phost mar fhuirseoir agus ag éirí go hiontach léi ó shin; bhí sí ag an Edinburgh Fringe Festival lena seó, Julie Really Love Me le déanaí agus ba í a d'oscail an Tommy Tiernan Show ar RTÉ le bliain anuas.

Deir Julie gur úsáid sí an greann ariamh mar bhealach le dul i ngleic le dúshláin an tsaoil agus mar sin go ndearna sé ciall di dul leis an gceird sin mar shlí bheatha agus í ina duine fásta. Anois agus í i mbun na hoibre deir sí go bhfuil sé dúshlánach ach taitneamhach mar sin féin. Déanann sí trácht ar na meáin shóisialta, áit a ndéanann sí iarracht a cuid oibre a phoibliú ach áit a bhfuil daoine sásta rudaí gránna, pearsanta a rá. Deir Julie go bhfuil nós ag daoine mná a mhaslú mar gheall ar an gcuma fisiciúil go minic agus go bhfuil sé deacair glacadh lena leithéid. 

'do bhíos i gcónaí píosa beag dorcha'

Tommy Tiernan

Maidir leis an saol atá ann do mhná san fhuirseoireacht, deir sí go bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas ach go bhfuil 'brú breise' fós ann do mhná. Admhaíonn Julie gur duine 'bog' í agus go ngortaíonn na maslaí seo í ach deir sí gur 'cuid den jab, gan cur in iúl go bhfuil tú trína chéile'. Bíonn formhór na ndaoine a bhíonn i dteagmháil le Julie fíordhearfach ach go bhfuil corrdhuine a chaitheann go dona léi. 

Ag caint maidir leis an mbrú a bhaineann le bheith ag plé leis na meáin, deir sí go bhfuil neart dá cairde ag íoc botox a fháil agus go raibh sí féin ar tí é a fháil ach gur bhraith sí faoi an iomarca brú ag an dochtúir. Labhraíonn Julie faoina leithéid mar gur maith léi a bheith macánta faoin mbrú seo.

Craoltar An Saol Ó Dheas idir 12.08 agus 1.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine.