Labhair Pól Ó Síodhcháin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na hathruithe atá ag teacht i bhfeidhm maidir leis an ndíolúine sa nGaeilge san Ardteist.

Deir Príomhoide Phobalscoil Shráid a Mhuilinn, Pól Ó Síodhcháin go bhfuil an t-ualach ar fad ag titim ar phríomhoidí anois an díolúine a cheadú sna scoileanna. Ní raibh ach eolas a tháinig ó na meáin ag Pól ach deir sé go bhfuil sé imníoch go bhfuil an Ghaeilge, 'teanga na tíre' anois i lámha na bpríomhoidí.

'ní siceolaí mise, in aon chor agus beidh an dualgas ormsa anois cinneadh a thógaint maidir le teanga na tire'

Deir sé gur 'ualach ana-throm' an cinneadh seo a chur i bhfeidhm sna scoileanna. Tá sé den tuairim freisin go gcuirfidh an cinneadh seo isteach ar an liúntas do riachtanais speisialta.

Helen Ní Shé, craoltóir.

Léirigh Pól go bhfuil 'buairt' ar phríomhoidí go bhféadfaí díolúine a lorg ón nGaeilge toisc go bhfuil tosaíocht á dhéanamh d'ábhair eile, gan aon fhianaise go bhfuil an díoline ag teastáil ón dalta.

Luann Pól go bhfuil príomhoidí 'ag feitheamh ar mhiontreoracha ar conas an cinneadh a thógaint' mar nach bhfuil aon chumarsáid tagtha ón Roinn Oideachais agus Scileanna go nuige seo.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 Luan go hAoine.