Labhair Pól Ó Síodhcháin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na hathruithe atá ag teacht i bhfeidhm maidir leis an ndíolúine sa nGaeilge san Ardteist.
Deir Príomhoide Phobalscoil Shráid a Mhuilinn, Pól Ó Síodhcháin go bhfuil an t-ualach ar fad ag titim ar phríomhoidí anois an díolúine a cheadú sna scoileanna. Ní raibh ach eolas a tháinig ó na meáin ag Pól ach deir sé go bhfuil sé imníoch go bhfuil an Ghaeilge, 'teanga na tíre' anois i lámha na bpríomhoidí.
'ní siceolaí mise, in aon chor agus beidh an dualgas ormsa anois cinneadh a thógaint maidir le teanga na tire'
Deir sé gur 'ualach ana-throm' an cinneadh seo a chur i bhfeidhm sna scoileanna. Tá sé den tuairim freisin go gcuirfidh an cinneadh seo isteach ar an liúntas do riachtanais speisialta.

Léirigh Pól go bhfuil 'buairt' ar phríomhoidí go bhféadfaí díolúine a lorg ón nGaeilge toisc go bhfuil tosaíocht á dhéanamh d'ábhair eile, gan aon fhianaise go bhfuil an díoline ag teastáil ón dalta.
Luann Pól go bhfuil príomhoidí 'ag feitheamh ar mhiontreoracha ar conas an cinneadh a thógaint' mar nach bhfuil aon chumarsáid tagtha ón Roinn Oideachais agus Scileanna go nuige seo.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 Luan go hAoine.